13 ¶ Agus is íad so ḃías an aḋúaṫṁaireaċd aguiḃ a measc na neun; ní hiostar íad, is aḋḟuaṫṁaireaċd íad: an tiolar, an préaċán ceanann, an tiasgaire caírneaċ.
Oír atáid mo ḋaóine leaṁ, níor aiṫniġeadar mé; is clann ḃrúideaṁuil fad, agus ní ḃfuil tuicsi ar biṫ aca: atáid glic ċum uilc do ḋéanaṁ, aċt do ḋéanaṁ maiṫeasa ní ḃfuil tuicsi ar bíṫ aca.
Cuir an stoc ċum dó ḃéil. Tiucfuiḋ sé aṁuil iolar a naġaiḋ ṫiġe an TIĠEARNA, do ḃríġ gur ṡáruiġeadar mo ċunnraḋ, agus gur ċiontuiġeadar a naġaiḋ mo ḋliġe.
Is Iuáiṫe fós a neiċ ná liopaird, agus is buirbe íad ná coin allta an tráṫnóna: agus leaṫnoċuid a marcṡlúaġ íad féin, agus tiucfuid a marcṡlúaġ ó imċéin; eitilfid mar an niolar ḋeiṫfriġeas diṫe bíḋ.
Ann sin do ṫóig mé mo ṡúile súas, agus daṁairc mé, agus, féuċ, ṫáinic días ban amaċ, agus do ḃí an ġáoṫ iona sciaṫánuiḃ: (óir do ḃádar sciaṫáin orra aṁuil sciaṫáin cúirre glaise:) agus do ṫóġbadar súas an téṗah idir an ttalaṁ agus neaṁ.
Oír do ḃamairne féin ar úairiḃ éigcéilliḋe, easúṁal, ag dul ar seaċrán, ag leanṁuin dainmíanuiḃ agus danntoiliḃ eugsáṁla, ag caiṫeaṁ ar mbeaṫa a miosguis agus a dtnúṫ, fúaṫṁar, agus ag fúaṫuġaḋ a ċeilé.