10 Agus a ṁeid ar naċ ḃfuil eiteaċ no lanna annsna fairgiḃ, agus annsna sroṫaiḃ, don ṁéid corruiġeas annsna nuisce, agus déinni béo ḋá ḃfuil sna huisgiḋiḃ, béid aḋḟuaṫṁar aguiḃ:
Agus a duḃairt Dia, Tugaidís na huisgeaḋa amaċ go líonṁur an créatuir corruiġeaċ ann a ḃfuil anam, agus éunlaiṫ ḟéadfas eiteaḋ ós cionn na talṁan a ḃfiormament ṡoilléir neiṁe.
¶ Is iád so íostaoi, do nuile ní atá is na huisgiḋiḃ: a nuile ni ar a ḃfuilid éiteaċ agus sligneaċ annsna huisgiḋiḃ, annsna fairgiḃ, agus annsna sroṫaíḃ, iostaoi iádsin.
Agus ma hiostar eainní dfeóil ioḋḃarṫa a ofrála síoḋa ar éanċor an treas lá, ní geaḃṫar í, ní mó meastar do nofráil í: biáiḋ sí na haḋúaṫṁuireaċd, agus an tanam íosas di iomċóruiḋ sé a ċoir.
Aċd do ġeaḃuid na daóine meata, agus díċreidṁeaċa, agus gráineaṁla, agus luċd dúnṁarḃṫa, agus aḋaltrannuis, agus na bpiséog, agus a nioḋalaḋruiġ, agus a nuile ḃréugaire, a gcuid sa loċ atá ar dearglasaḋ do ṫeine agus do ruiḃ: noċ is dara bás ann.