Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 10:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 ¶ Agus a duḃairt Maóise re Aáron, agus re Heleásar agus re Hitamar, a ṁaca, Ná noċtuiġ ḃur gcinn, narab mó ḃrisfiḋe ḃur néádaċ; deagla go murfiḋe siḃ, agus deagla feirge do ṫeaċd ar an pobal uile: aċd caoindís ḃur ndearḃraiṫre, tiġ Israel uile, an loscaḋ noċ do las an TIĠEARNA.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 10:6
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a rís do las fearg an TIĠEARNA a naġaiḋ Israel, agus do ċorruiḋ sé Dáiḃi na naġaiḋ, ḋa ráḋ, Imṫiġ, agus coṁáir Israel agus Iúdah.


Ṁic Abisua, ṁic Ṗinehas, ṁic Eleasar, ṁic Aáron an tárdṡagart:


Oír a duḃairt an TIĠEARNA ré Maoise, Abuir ré cloinn Israel, Is pobal crúaḋṁuiníl siḃ: tiucfa mé súas ion ḃur lár a moment, agus díoġḃáiġfe mé siḃ: uime sin anois cuir ḋíot do ḋeiseaċd uáit, íonnus go ḃfeadarsa créad do ḋeana mé riot.


Agus tug Aarón Eliseba, inġean Aminadab, deirḃṡíur do Naason, na mnáoi; agus rug sí ḋó Nádab, agus Abihú, Eleasar, agus Itamar.


¶ Geárr ḋiot do ġruág, a Ierusalem, agus teilg uait í, agus toig súas caóineaḋ ar áitiḃ árda; óir do ṫarcuisniġ an TIĠEARNA agus do ṫréig sé ginealaċ a ḟeirge.


Agus an luḃar iona mbía an loit, brisfíġear éadaċ, agus biáiḋ á ċeann noċduiḋ, agus cuirfiḋ folaċ ar a ṗuisín úaċdaraċ, agus fuaígeoruiḋ, Neáṁġlan, neaṁġlan.


Déana máol ṫú, agus beárr ṫú féin air son do ċloinne breáġḋa; fairsingiḋ do ṁaóile mar a niolar; óir do ċúadar uáit a mbraiġdionas.


Aċd suíḋeoċuid na Leḃítiġ a scáláin fa gcuairt timċioll ṫabernacuil na fiaḋnuise, ċor naċ bia diḃḟearg ar biṫ ar ċoṁċruinniuġaḋ ċloinne Israel: agus is íad na Leḃítiġ ḃias a gcúram coiṁéada ṫabernacuil na fíaḋnuise.


¶ Aċd Iosua ṁac Nun, agus Cáleb ṁac Ieṗunneh, noċ do ḃí don luċd do ḟéuċ an fearann, do réubádar a néaduiġe:


Agus do ṫuiteadarsan ar a naġaiḋ, agus a duḃradar, A Ḋé, Día spiorad gaca uile ḟéola, an bpeacóċuíḋ áonduine aṁáin, agus an mbía tú feárgaċ ris an bpobal uile?


Agus coiṁéadfuiḋe cúram na sanctóra, agus cúram na haltóra: go naċ biáiḋ feasda fearg ár biṫ ós cionn ċloinne Israel.


Glac ċugad Aáron agus a ṁac Eleásar, agus taḃair súas a slíaḃ Hor íad:


Agus suiḋeoċuiḋ an sagart an ḃéan as coinne an TIĠEARNA, agus noċdfuiḋ ceann na mná, agus cuirtiḋ ofráíl an ċuiṁniġṫe iona láṁuiḃ, sé sin ofráil a néada: biaiḋ ag an tsagart na láiṁ an tuisce searḃ do ḃeir fa deara malluġaḋ:


Noċ a duḃairt re na aṫair, agus re na ṁáṫair, Ní ḟaca mé e; ní mó do adṁuiġ sé a ḋearḃráiṫre, agus níor aiṫin a ċlann féin: óir do ċoiṁeadadar do ḃríaṫrasa, agus do ċóṁalladar do ċunnraḋ.


Aċt go ḃfillfiḋsi fós a niuġ ó leanmahuin an TIĠEARNA? agus iseaḋ ḃías de, ó rinneaḃairsi tréatuireaċd a naġaiḋ an TIĠEARNA, go mbía sé feargaċ a máraċ re coṁċruinniuġaḋ Israel uile.


Naċ deárna Aċan ṁac Sérah sáruġaḋ annsa ní ṁalluiġ, agus do ṫuit dioġaltas ar ċloinn Israel uíle? agus ní hé an fear sin aṁáin do ṫuit ann a ċoir.


Aċ do rinneadar clann Israel sáruġaḋ ansa ní móidiġṫe: óir do ġlae Aċan, ṁac Carmi, ṁic Sabdi, ṁic Serah, do ṫreiḃ Iúdah, don ní ṁóidiġṫe: agus do háḋnah fearg an TIĠEARNA a naġaiḋ cloinne Israel.


Do ṗeacuiḋ Israel, agus do ṡáruiġeadar mo ċunnraḋsa noċ do aiṫin mé ḋíoḃ: óir do ġlacadar don ní móidiġṫe, do ġadadar mar an ccéadna fós, agus níor léigeadar sin orra, agus do ċuireadar a measg a ccoda féin é.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ