Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 10:3 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

3 Ann sin a duḃairt Maóise re Háaron, Is é so an ní do laḃair an TIĠEARNA, gá ráḋ, Biáiḋ mé náoṁṫa annsa droing ṫig a ngar ḋaṁ, agus as coinne an ṗobail uile biáiḋ glóir ḋaṁ. Agus do ṫoċd Aáron.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 10:3
46 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Go maḋ fada sin uaitsi a ḋéunaṁ marso, an fíréun do ṁarḃaḋ maille ris an cciontaċ: agus go mbiaiḋ an firéun mar an cciontaċ, go maḋ fada sin uaitsi: naċ déuna Breiṫeaṁ na talṁan uile ceart?


Aċt a duḃairt seision ría, Laḃran tú mar laḃrus áon do na mnáiḃ amuideaċa. Cred so? an uglacfum maiṫ as láiṁ Dé, agus naċ géuḃam olc úaḋ? Annso uile níor ṗeacuiḋ Iób le na ḃéul.


Crioṫnuiḋ mfeoil ré heaglasa; agus atá úaṁan do ḃreiṫeaṁnuis orum.


Agus dárduiġ sé aḋarc a ḋaóine, molaḋ a náoṁ uile; ċlanna Israel, na daoine atá a ḃfogus dó. Moluiḋ an TIĠEARNA.


Aṫruiġ uáimse do ḃuille: do ṁeaṫ mé tre ḃuille do láiṁe.


Do ḃí mé balḃ, níor ḟoscáil mé mó ḃéul; do ḃríġ go ndéarna tusa é.


Coisgiḋ, agus bíoḋ a ḟios agaiḃ gur misi Día: biáiḋ mé ar márduġaḋ a measc na gcineaḋaċ, biáiḋ mé onóraċ air an ttalaṁ.


Is cóir eagla do ḃeiṫ roiṁe Ḋía a ccoiṁṫionól a naoṁ go roṁór, agus moḋ do ṫaḃairt dó ós cionn a ḃfuil na ṫimċioll,


Atáid ṫfíaġnuiseaḋ roḋearḃṫa: is dot ṫiġ is iomċuḃuiḋ naóṁṫaċt go bráṫ, a ṪIĠEARNA.


Agus féuċ, crúaiḋeoċaiḋ misi eaḋon misi croiḋe na Négiptaċ, agus leanfuid iad: agus do geaḃadsa glóir a ttimċíoll Ṗárao, agus a ṡlóiġ uile, agus ar a ċarbaduiḃ agus ar a ṁarcṡluaġ.


Agus cruáiḋeoċa misi croiḋe Ṗárao, ionnus go leanfuiḋ sé iad, agus do ġeaḃadsa glóir a dtimċioll Ṗárao, agus a ṡloiġ uile; ċor go mbía a ḟios ag na Hégiptiḃ gur mé an TIĠEARNA. Agus do rinneadar sin.


Agus na sagairt mar an gceádna, noċ ṫig a ḃfogus don TIĠEARNA, naoṁaidis íad féin, deagla go mbrisfeaḋ an TIĠEARNA amaċ órra.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA ris, Imṫiġ roṁad, éiriġ siós, agus tiucfa tú a niós, ṫú féin, agus Aáron leaċd: agus ná léig do na sagartuiḃ, agus don ṗobal briseaḋ ṫríd, do ṫeaċd suás ċum an TIĠEARNA, deaglá go mbrisféaḋ sé amaċ orra.


Agus ungfa tú Aáron agus a ṁic, agus coisreoca tú íad, ċor go miniostrálfuid ḋaṁsa a noifig an tsagairt.


Annsin a duḃairt Heseciah re Hisaiah, Is maiṫ briaṫar an TIĠEARNA noċ do laḃair tusa. Agus a duḃairt sé, Oír biáiḋ síoṫċain agus fírmne ann mo láeṫiḃsi.


Agus a dúḃairt sé riom, Is tú mo ṡeirḃíseaċ, a Israel, iona mbía mé glórṁar.


¶ Filliġiḋ, filliġiḋ, éirgiḋe amaċ as sin, ná beanaiḋ re ní neaṁġlan; éirġiḋe amaċ as a lár; biṫísi glan, noċ iomċras soiġṫiġe an TIĠEARNA.


Géaḃa mé ċugam siḃ maille re ḃur mbolaḋ cuṁra, an tan ḃéaras mé amaċ ón bpobal siḃ, agus ċruinneoċus mé siḃ as na tíorṫaiḃ ionar díosgaóileaḋ siḃ; agus náoṁṫoċṫar misi ionnuiḃ a ḃfíaġnuise na ngeinteaḋ.


Agus abair, Is marso an deir an Tiġearna DIA; Féuċ, a táimse ad aġáiḋsi, a Ṡídon; agus biáiḋ mé ar mo ġlóruġaḋ ann do lár: agus aiṫeonuid gur mé an TIĠEARNA, an tan ḃéarus mé breaṫa innte, agus ḃías mé ar mo náoṁuġaḋ innte.


Agus tiucfa tú a níos a naġaiḋ mo ṗobail Israel aṁuil néull dfolaċ na talṁan: annsna láeṫiḃ deiġnioċa ḃías sé, agus do ḃéara misi ṫú a naġaiḋ mo ḋúiṫċe, ċor go mbía a ḟios ag na geintiḃ, an tan náoṁṫeaċṫar ionnadsa mé, a Ġog, as coinne a súl.


Agus is leis na sagartaiḃ an séomra a ḃfuil a raḋarc leaṫ ris an ttuáisceart, luċt coiṁéada ċúraim na haltóra: isíad sin mic Ṡadoc a measc ṁac Léḃi, noċ ṫig a ngar don TIĠEARNA do ṁimostralaċt dó.


¶ Annsin a duḃairt seision riomsa, Na seomraḋa buḋ ṫuáiġ agus na seomraḋa buḋ ḋeas, atá as coinne na háite ar leiṫ, is seomraḋa náoṁṫa íad, mar a níosuid na sagairt ṫig a ngar don TIĠEARNA na neiṫe ro náoṁṫa: annsin cuirfid siad na neiṫe ro náoṁṫa, agus a nofráil bíḋ, agus a nofráil ṗeacaiḋ, agus a nofráil ṡáruiġṫe; oír is náoṁṫa a náit.


Ní mó ṫruaillfeas a ṡíol a measc a ḋaóine: óir mísi an TIĠEARNA náoṁuim é.


Laḃair re Háaron, ga ráḋ, Gioḋ bé ar biṫ ḃías dot ṡlioċd iona ngeineleaċuiḃ, ar a mbía aineaṁ ar biṫ, ná tigeaḋ a gcoṁḟogus dofráil aráin a Ḋé.


Ní ṫiucfa áonduine do ṡíol Aáron an sagart ar a mbía aineaṁ a ngoire díoḋbuirt ofrala an TIĠEARNA déanta lé teiniḋ: atá sé aineaṁaċ; ní tiucfa sé a ḃfogus dofráil aráin a Ḋé.


Béid síad náoṁṫa ċum a Ndé, agus ní ṫarcuisneoċuid síad ainm a Ndé: óir ofrála an TIĠEARNA déanta le teiniḋ, agus arán a Ndé, ofráluid siad: uime sin béid náoṁṫa.


Naóṁṫoċuiḃ tu é ar a naḋḃar sin; óir ofráluiḋ sé arán do Ḋé: biaiḋ se náoṁṫa ḋuit: óir misi an TIĠEARNA, noċ náoṁṫas tusa, a táim náoṁṫa.


Coiṁéudfuid uime sin mordúġaḋ, deagla go mbíaḋ na ṗéacaḋ ḋóiḋ, agus go ḃfaiġdís bas ṫríd, dá dtruáilldís é: misi an TIĠEARNA náoṁas íad.


Uime sin anfuiḋe ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ do ló agus doiḋċe seaċd lá, agus coiṁéadfuiḋe cúram an TIĠEARNA, naċ ḃfaġṫáoi bás: óir is mar sin do haiṫniġeaḋ ḋióm.


Agus do laḃair sé re Córah agus ré na ċuídeaċduin uile, ḋá ráḋ, A máraċ féin taisbeanfuiḋ an TIĠEARNA cía is leis, agus cia atá naoṁṫa; agus dó ḃéara aír teaċd láiṁ ris: an té sin féin do ṫoġ sé is air do ḃéara teaċd a ngar ḋó.


¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA re Maóise agus ré Háaron, Do ċionn nar creideaḃair ḋaṁ, dom náoṁaḋ a laṫair ċlonme Israel, uime sin ní ṫiuḃarṫáoi an ċuideaċdasa don dúṫaiġ ṫug me ḋáoiḃ.


Gioḋ bé gráḋuiġeaṡ a aṫair no a maṫair ni is mó na misi ní fíu é misi: agus gioḋ bé ġraḋuiġeas a ṁac nó a inġean ós mó ċionnsa ní fíu é misi.


A Aṫair, taḃair glóir dod ainm feín. Uime sin ṫáinig guṫ ó neaṁ, Tugas glóir, agus do ḃéur glóir ḋó a ris.


Agus giḋ bé ní íarrfuiḋe am ainmsi, do ḋéuna misi sin: do ċum go ndéanfaiḋ an Taṫair glóruġaḋ ann sa Ṁac.


Do ċionn gur ċórruiġeaḃairsi am aġuiḋsi a measc ċloinne Israel ag uisgeḋiḃ Ṁeribah‐Cádes, a ḃfásaċ Sin; do ċionn nar ḃeannuiġeaḃair misi a meaḋón ċloinne Israel.


An tan ṫiucfas se ċum glóire dfáġáil ann a náoṁuiḃ, agus ċum a ḋéunta iongantaċ sna huile ḋaóiniḃ ċreideas (do ḃríġ gur ċreideaḋ a nfíaḋnuisi do rinneamairne eadruiḃse) sa lá sin.


Oír ṫáinic aimsir an ḃreiṫeaṁnuis do tosuġaḋ ó ṫiġ Dé: agus más uáinne ṫosuiġṫear é, créd ḃus críoċ don druing atá easúṁal do ṡoisgéul Dé?


Uime sin a deir TIĠEARNA Día Israel, A duḃairt mé go deiṁin go sioḃólaḋ do ṫiġse, agus tiġ haṫar, am ḟiaḋnuisi go bráṫ: aċt anois a deir an TIĠEARNA, Bíoḋ sin a ḃfad uáim; óir an luċd onóruiġios mé a síad do ḋéansa onóruġaḋ, agus an luċd ṫarcuisniġios mé buḋ ḃeag a meas.


Agus dínnis Samuel dó gaċ uile ní, agus níor ċeil éinní air. Agus a duḃairt seision, Sé an TIĠEARNA é: déanaḋ sé an ní is áill leis feín.


Agus a duḃradar muinntir Ḃetsemes, Cía ḟéadas seasaṁ á laṫair an TIĠEARNA náomṫasa Día? agus cía ċum a raċaiḋ sé súas úainne?


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ