Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 10:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus do ċuáiḋ teine a maċ ón TIĠEARNA agus do ḋioḃáiḋ sí íad, agus fúaradair bás a ḃfíaġnuisi an TIĠEARNA.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 10:2
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do las fearg an TIĠEARNA a naġaiḋ Ussah; agus do ḃúail Día ann sin e ar son a earraide; agus fúair sé bás ann sin láiṁ re háirc Dé.


Agus dimṫiġ sé agus fuáir sé an corp teilgṫe ar a tsliġe, agus an tassal agus an leoṁan na seasaṁ ag an ccorp: níor iṫ an leoṁan an corp, agus níor ṁarḃ sé an tassal.


Ann sin do ṫuit teine an TIĠEARNA, agus do ḋóiṫ sí an nofráil loisge, agus an cunnaḋ, agus na cloċa, agus an luaiṫreaḋ, agus do liġ súas an tuisge do ḃí san treinse.


Agus do ḟreagair Elias, agus a duḃairt re caiptín an ċáoguid, Mas óglaċ do Ḋía misi, annsin tigeaḋ teine a núas ó neaṁ, agus loisgeaḋ sí ṫusa agus do ċáogad. Agus ṫáinic teine a núas ó neaṁ, agus loísg sí eision, agus a ċáogad.


Agus do ḟreagair Elias agus a duḃairt ríu, Más óglaċ do Ḋía misi, tigeaḋ teine a nuas ó neaṁ, agus loisgeaḋ ṫusa agus do ċáogad. Agus ṫáiníc teine Dé a núas ó neaṁ, agus do loisg eision agus a ċaogad.


Agus do las fearg an TIĠEARNA a naġaiḋ Ussa, agus do ḃuáil sé é, do ċiónn a láiṁe do ċur ċum na háirce: agus fuáir sé bás ann sin a ḃfiaġnuise Dé.


Oír do ḃríġ naċ ndéarnaḃair é an ċéad uáir, do rinne an TIĠEARNA ar Ndia briseaḋ oruinn, do ċionn nar íarramar é mar buḋ ċoír.


Aċd déug Nádab agus Abihu roiṁe a naṫair, agus ní raiḃ clann ar biṫ aca: ar a naḋḃarsin sé Eleásar, agus Itamar do níoḋ oitig an tsagairt.


An feaḋ do ḃí sé fós ag laḃairt, ṫáinic mar an ccéadna duine eile, agus a duḃairt, Do ṫuit teine Dé ó neaṁ, agus do ḋóiġ sí na caóiriġ, agus na serḃísiġ, agus do léarloisg iad; agus misi aṁáin ṫáinic as am áonar dá innisin ḋuit.


Tiucfaiḋ ar Ndía, agus ní ḃiáiḋ na ṫoċd: loisgfiḋ teine roiṁe, agus biáiḋ anfa iomarcaċ na ṫimċioll fa gcuáirt.


Agus a duḃairt sé ré Maóise, Tárr súás ċum an TIĠEARNA, ṫu féin, agus Aáron, Nadab agus Abihú, agus seaċdṁoḋad do ṡinnsearuiḃ Israel; agus aḋruiḋsi a ḃfad amaċ.


Oír do hórduiġeaḋ Toṗet ón tseanaimsir; iseaḋ, don ríġ fós do hullṁuiġeaḋ é; do rinne sé doṁuin agus leaṫan é: sé a ċárn sin teine agus iomad connaiḋ: lasaiḋ anál an TIĠEARNA é, aṁuil sruṫ ruiḃe.


Mar sin tangadar a ngar ḋóiḃ, águs rugadar léo íad ann a ccótaḋuiḃ a maċ as a gcampa; mar a duḃairt Maóise.


Agus do laḃair an TIĠEARNA ré Maóise déis ḃáis ḋeisi mac Aáron, a nuáir do ofraladur a ḃfíaḋnuisi an TIĠEARNA, agus do éagadar;


Agus táinic teine amaċ ó ḟíaḋnuisi an TIĠEARNA, agus do ḋíoḃáiḋ ar a naltóir a nofráil loiscṫe agus an ġeir: noċ a nuáir do ċonairc an pobal, do ġáireadar, agus do ṫuiteadar ar a naġaiḋ.


An ṁuinntir ċéadna sin ṫug an droċ ṫúarusgḃáil ar an ttír, fuaradar bás don ṗláiġ a laṫair an TIĠEARNA.


Agus táinic teine a maċ on TTIĠEARNA, agus do loisc an dá ċéad agus an cáogad do ofráíl an túis.


Annois an ṁéid déug don ṗláiġ do buḋ ceiṫre ṁíle ḋéug agus seaċd gcéud, leaṫ amuiġ don ṁuinntir déug fa ċúis Ċórah.


Agus do éug Nádab agus Abihu, a nuáir do ofráladar teiniḋ ċoiṁiḋṫeaċ a laṫair an TIĠEARNA.


Agus ar a núairsin féin do ṫuit sise agá ċosaiḃ, agus do ċúaiġ a spiorad aisde: agus ar dteaċd a steaċ do na hogánuiḃ, fúaradar marḃ í, agus ar na breiṫ leó, daḋluiceadar í a naice a fir.


Agus ar gcloinsin na mbríaṫarsa Dananías, do ṫuit sé síos, agus do ċúaiḋ a anam as: agus do ḃí eagla ṁór ar gaċ duine ḋá ccúaluiḋ na neiṫe so.


Agus tárla na neíṫesi uile ḋóiḃsion ná neisiompláraiḃ: agus is ċum fógarṫa do ṫaḃairt dúinne ar a rug deireaḋ an doṁuin, do sgrioḃaḋ íad.


¶ Agus do ṁarḃ sé muinntír Ḃetsemes, do ċionn gur ḟéaċadar a steaċ ann airc an TIĠEARNA, eaḋon do ṁarḃ sé dá muinntir caógad míle agus deiċneaṁar air trí fiṫċid: agus do ċáoineadar an pobal, do ċionn gur ḃúail an TIĠEARNA an pobal ré hár mór.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ