¶ Uimesin is marso a deir an TIĠEARNA, Má ḟilleann tú, annsin do ḃéura mé líom a rís ṫú, seasfa tú am ḟíaġnuisi: agus má ḃeirionn tú an mórlúaiċ ón ttruáilliġṫe, biaiḋ tú aṁuil mo ḃéul fein: fillidíssion ċugadsa; aċt ná fillsi ċucasan.
Do ḃriseadar a sagairt mo ḋliġeaḋ, agus do ṫarcuisniġeadar mo neiṫe náoṁṫa: ní ḋeárnadar eidirḋealuġaḋ idir an náoṁṫa agus a neaṁnáoṁṫa, ní mó do ṫaisbeanadar eidirḋealuġaḋ idir an nglan agus an neaṁġlan, agus dfoluiġeadar a súile óm ṡaóire, agus atáim ar mo ṫruilleaḋ eattorra.
Annsin féuċfuiḋ an sagart air: agus féuċ, má ḃíonn at an ċréaċda bán déarg iona ṁáoilċionn, nó iona ṁáoiléadan, mar ṫaisbeanus an lúḃra a gcroicionn ná feóla;
Atáid na huile neiṫe go deiṁin glan don druing atá glan: aċd don druing atá salaċ agus gan ċreideaṁ ni ḃfuil éinní glan; aċd fós atá a ninntinn agus a ccoinnsías salaċ.