3 ¶ Má ḃíonn ofráil nó íoḋbuirt loiscṫe don airiġe, ofrálaḋ firionnaċ gán ċáide: ofrálaḋ sé, é da ṫoil áontaġaíḋ féin ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA.
Agus do ṫóg Abraham a ṡúile súas, agus daṁairc sé, agus féuċ, do ḃí táoḃ ṡíar ḋe reiṫe ceanguilte lé na aḋarcuiḃ ann a ttor: agus do ċuáiḋ Abraham agus do ġlac an reiṫe, agus do íoḋbuir é mar offrail loisge a náit a ṁic.
Agus a duḃairt seision, Glac annois do ṁac háonṁac aṁáin, Isaac, ar a ḃfuil gráḋ agad, agus eiriġ go criċ Ṁóriah; agus Ioḋbuir ann sin é mar offráil loisge air áon do na sléiḃtiḃ inneósus misi ḋuit.
Agus do ḃí uiḃir na hofrála loisge, ṫug an coṁċruinniuġaḋ leó, deiċ mbulóga agus trí fiṫċid, céad reiṫe, agus ḋá ċéad úan: íad so uile mar ofráil loisge don TIĠEARNA.
Agus do áṫruiġeadar na hofrála loisge, ċor go ttiuḃraidís úaṫa do réir ronna ṁuinnteara an ṗobail, ċum ofrála don TIĠEARNA, mar atá scríoḃṫa a leaḃar Ṁáoise. Agus is marsin do rinneadar ris na daṁuiḃ.
Biáiḋ so na hofráil ċoṁnuiġṫeaċ loiscṫe ar feaḋ ḃur ngeinealaċ ag dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ a ḃfíaġnuisi an TIĠEARNA: áit a tteigeaṁa misi riḃ, do laḃairt ann sin riot.
Agus do éirġeadar súas go moċ ar na ṁáraċ, agus do ofráladar ioḋbuirt loisge, agus tugadar ofrála síṫe leó; agus do ṡuiḋ an pobal síos diṫe agus dól, agus do éirġeadar súas do ṡúgraḋ.
Agus tangadar, gaċ éanduine aca, ar ċorruiġ a ċroiḋe súas é, agus gaċ éanduine do rinne a spíorad aontaḋaċ, agus tugadar leó ofráil an TIĠEARNA ċum oibre ṫabernacuil an ċoṁċruinniġ, agus ċum a ṡerḃíse uile, agus ċum a éaduiġe náoṁṫa.
Tugadar clann Israel ofráil ṫoilteannaċ leó ċum an TIĠEARNA, a nuile ḟear agus bean, a ndearna a ccroiḋe toilteanaċ íad, do ṫaḃairt neiṫ leó ċum gaċ uile ṡórt oibre, noċ do aiṫin an TIĠEARNA do ḋéanaṁ lé láiṁ Ṁaóise.
Agus do ġlacadar ó Ṁaóise a nuile ofrail, noċ ṫugadar clann Israel leó ċum oibre ṡerḃíse na sanctóra, do ḋéanaṁ leis sin. Agus tugadar ċuige fós ofrála ḋá ttoil gaċ maidin.
Agus do rinne sé altóir na nofrálaḋ loisge do ċrann Sitim: cúig cuḃad a faide, agus cúig cuḃaid a leiṫead; do ḃi sí ceaṫaírbeanaċ: agus trí cuḃad a hairde.
Cred é tarḃa ḃur niomad íoḋbarṫaċ ḋaṁsa? do ráiḋ an TIĠEARNA: atáim lan dofráluiḃ loisge reiṫeaḋ, agus do ṁéuṫus beaṫaċ bíata; agus ní ḋúiliġim a ḃfuil bulóg, nó úan, no ġaḃar ḃfirionn.
Oír ann mo ṡlíaḃ náoṁṫa, a slíaḃ áirde Israel, a deir an Tiġearna DIA, is annsin ḟoiġeonuid tiġ Israel uile ḋaṁsa, annsa tír: annsin ġéaḃus mé ċugam íad, agus annsin íarrfas mé ḃur nofrálaċa, agus primidil ḃur níoḋbarṫaḋ, maille ré ḃur nuile ní náoṁṫa.
¶ Agus do ḃí a bpóirse an ġeata ḋa ċlár don táoiḃse, agus ḋa ċlár don taóiḃ oile, do ṁarḃaḋ na hofrála loisge orra agus na hofrála peacuiḋ agus na hofrála sáruiġṫe.
Agus annsa noċdṁaḋ lá glacfuiḋ sé ḋá úan ḟirionna gan ċaiḋe, agus úan buinionn don ċéadḃhaḋuin gan ċáiḋe, agus trí deaċṁaḋ cuid do ṗlúr ṁín mar ofráil ḃíḋ, cumaisċte le hola, agus éan log ola.
Agus naċ dtiuḃra go dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe é, do ofráil íoḋbarṫa don TIĠEARNA as coinne ṫabernacuil an TIĠEARNA; cuirfiġear fuil a leiṫ an ḟirsin; do ḋóirt sé fuil; agus gearrfuiġear an duine sin amaċ ó ṁeasg a ḋáoine:
Agus ofráilfiḋe leis a narán seaċd nuáin gan aineaṁ don ċéidḃlíaḋuin, agus bulóg og, agus ḋá reiṫe: béid mar ofráil loiscṫe don TIĠEARNA, maille re na nofráil ḃíḋ, agus re na nofráil diġe, eaḋon ofráil déanta le teiniḋ, do ḃolaḋ ċumra don TIĠEARNA.
Má ṗeacuiġéann an sagart atá úngṫa do réir ṗeacaiḋ an ṗobail; ann sin tugaḋ sé ar son an ṗeacuiġ, do ṗeacuiġ sé, bulóg óg gan toiḃéim ċum an TIĠEARNA mar ofráil ṗeacaiḋ.
Ma ní anum coír, agus go bpeacóċuiḋ sé tré ainḃfios, a neiṫíḃ náoṁta an TIĠEARNA; annsin do ḃéura sé ċum an TIĠEARNA ar son a ṡáruiġṫe, reiṫe gan ċáiḋe as na tréuduiḃ, réir do ṁeassa lé seceluiḃ airgid do réir ṡecel na sanctóra, mar ofráil ṡáruiġṫe:
Agus do ḃéura sé reiṫe gan ċaíḋe as a tréud, réir do ṁeassa, mar ofráil ṡáruiġṫe don tsagart; agus do ḋéana an sagart síṫ ḋo ar son a ainḃfios iona ndéarna sé seaċrán agus naċ raiḃ a ḟios aige, agus maiṫfiġear ḋó é.
Má ṗeacuiġeann anum, agus go ndéana sáruġaḋ a náġaiḋ an TIĠEARNA, agus go ndéana bréag ré na ċoṁarsuin ann san ní tugaḋ ḋó a ttaisgiḋ, nó a gcumann, nó rugaḋ uaḋ ar éigin, nó do ṁeall sé a ċoṁarsa;
Aċd má ḃíonn ióḋbuirt a ofrála na moíd, nó na hofráil toileaṁuil, ióstar an lá sin féin í ofrálas a íóḋbuirt: agus ar na ṁáraċ mar an gcéadna ióstar an fuiġeall.
Agus do niġ an mionaċ agus na cosa a nuisce; agus do loisc Maóise an reiṫe uile ar a naltóir: do ḃi na íoḋbuirt loiscṫe na ḃalaḋ ċúṁra, agus na hofráil déanta lé teiniḋ don TIĠEARNA; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.
¶ Múscail, a ċloiḋiṁ, a naġuiḋ máoḋaire, agus anaġaiḋ an duine ar bé mo ċompanaċ, a deir TIĠEARNA na slóġ: buáil an táoḋaire, agus scánruiġ na caóiriġ: agus fillfe me mo láṁ air na húanuiḃ beaga.
¶ Aċt go maḋ malluiġ ḃías an mealltóir, agá ḃfuil firionaċ iona ṫréud, agus ṁóideas, agus íoḋbras don TIĠEARNA ní truáilliġṫe: óir is Ríġ mór misi, a deir TIĠEARNA na slóġ, agus is báoġlaċ mainm a measc na ngeinteaḋ.
Agus do ḋéantáoi ofráil le teiniḋ don TIĠEARNA, ofráil loiscṫe, nó ioḋbuirt a gcoiṁlionaḋ móide, nó a nofráil ṫoileaṁuil nó ann ḃur ḃféastuiḃ sollamanta, do ḋéanaṁ deaġḃólaiḋ don TTIĠEARNA, do nealḃḋa, nó don tréud:
Sé so orduġaḋ an dliġe noċ do aiṫín an TIĠEARNA, gá ráḋ, Laḃair re cloinn Israel, go ttugdáois ċugad colpaċ ḃainnean ḋeargḃuiḋe gan toiḃéim, ann naċ bía crón, agus ar nar cuireaḋ cuing a ríaṁ:
Ní duine Día, as á ndéanaḋ bréag; ní mó is mac duine é, as a ndéanaḋ sé aiṫreaċus: a nduḃairt sé, agus naċ béara ċum críċe é? no ar laḃair se, agus naċ bfedir a ċoiṁlionaḋ?
Agus a duḃairt Bálaam re Bálac, Seas ag hofráil loiscṫe, agus imeoċa misi: dob éidir go ttiucfaḋ an TIĠEARNA do ṫeagṁáil riom: agus giḋ bé ar biṫ ṫaisbeanfuis sé ḋaṁ ionneósad ḋuitsi. Agus do ċuáiḋ sé ċum áité áirde.
Aċd ofrálfuiġ íoḋbuirt déanta lé teiniḋ mar ofráil loiscṫe don TIĠEARNA; ḋá ḃulóig óga, éanreiṫe, agus seaċd nuáin don ċéidḃlíaḋuin: caiṫfiḋe a mbeiṫ aguiḃ gan ċáiḋe:
Agus ofráilfiḋ ofráil loiscṫe, agus íoḋbuirt déanta lé teiniḋ, do ḋeaġḃolaḋ don TIĠEARNA; trí bulóga déug óga, ḋá reiṫe, agus ceiṫre huáin déug don ċéidḃlíaḋain; béid síad gan toiḃéim:
Agus ar ḃfreagra do naingeal a duḃairt se ría, Tuirléonguiḋ an Spiorad Náoṁ ort, agus foiléoċaiḋ cuṁaċda an té as Airde ṫú: uime sin an ní náoṁṫa ḃéaras tú goirfiġear Mac Dé ḋe.
Agus íoḋboruiḋ tú hofráil loisge, an nfeóil agus an nfuil, ar altóir an TIĠEARNA do Ḋía: agus dóirtfiġear fuil hioḋbarṫa amaċ ar altóir an TIĠEARNA do Ḋía, agus iosa tú an nfeóil.
Oir a sé a ṡaṁuil sin dárdṡagart dob iomċuḃaiḋ ḋúinne do ḃeiṫ aguinn, noċ atá náoṁṫa, neiṁċiontaċ, gan ċáiḋe air biṫ, ar na sgaraḋ ré peacṫaċuiḃ, agus do rinneaḋ níos aírde ná na flaiṫis;
A né náċ ro ṁó ná sin ḋéunas fuil Ċríosd, noċ do ḟoráil é féin gan ċáiḋe do Ḋía trés an Sbiorúid ṡíorruiḋe, ḃur ccoinnsíassa ġlanaḋ ó oibreaċuiḃ marḃa ċum seirḃíse do ḋéunaṁ don Día ḃeó?