Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leḃiticus 1:17 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Agus scoiltfiḋ sé é go na sciaṫánuiḃ, aċd ní roinnfiḋ ó ċéile é; agus loiscfiḋ an sagart ar a naltóir é, ar an cconnaḋ atá ar an teiniḋ: is ofráil loiscṫe é, ofrail déanta le teiniḋ, do ḃoluiḋ cuṁra don TIĠEARNA.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leḃiticus 1:17
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ġlac sé iadso uile ċuige, agus do rann se ann a lár iád, agus do ċuir gaċ áon ṗíosa as coinne a ċéile: aċ nior roinn sé na héin.


Agus do ḃolṫuiġ an TIĠEARNA deaġḃlaḋ; agus a duḃairt an TIĠEARNA ann a ċroiḋe, Ní ṁillfiġ mé aris ann talaṁ ar son an duine ó so amaċ; óir as olc smuáineaḋ croiḋe an duine ón óige: ní mó ḃuáilfeas mé a rís ni is mó, a nuile ní béo mar do rinne mé.


Oír ní ḟágfa tú manam a nifrionn; ní mó ḟuileongṫair truáilliuġaḋ dfaicsin dot Aon Naoṁṫa féin.


Aċd nifiġ sé na hinniġe agus na cosa a nuisce: agus do ḃeára an sagart leis sin uile, agus loiscfiḋ sé ar a naltóir é: is ofráil loiscṫe é, ofráil déanta lé teiniḋ, do ḃolaḋ cuṁra don TIĠEARNA.


Agus do ḃéara sé go macaiḃ Aáron na sagairt é: agus toígeoḃuiḋ as sin lan a ḋuirn dá ṗlúr, agus dá ola, maille le a ṫúis uile; agus loisgfiḋ an sagart a ċuiṁne sin ar an altoír, do ḃeiṫ na ofráil déanta lé teniḋ, do ḃolaḋ ṁaiṫ don TIĠEARNA:


Agus loiscfid clann áaron é ar an altóir ar an ioḋbuirt loiscṫe, noċ ḃíos ar an gconnaḋ ḃíos ar an tteniḋ: ofrail déanta le teniḋ, do ḃolaḋ cumbra don TIĠEARNA.


Agus do ḃéura ċum an tsagairt íad, noċ ofráilfeas sin ḃías ar son na hofrála peácaiḋ an ċéaduair, agus fáisgfiḋ a ċeann da ḃráġaid, aċd ní roinnfeaḋ ó ċéile é:


Agus a sé so dliġeaḋ na hofrála biḋ: ofráilfid mic Aáron í a laṫair an TIĠEARNA, as coinne na haltóra.


Agus do niġ an mionaċ agus na cosa a nuisce; agus do loisc Maóise an reiṫe uile ar a naltóir: do ḃi na íoḋbuirt loiscṫe na ḃalaḋ ċúṁra, agus na hofráil déanta lé teiniḋ don TIĠEARNA; mar do aiṫin an TIĠEARNA do Ṁaóise.


Agus tugadar a nofráil loiscṫe ċuige, maille re na spólluiḋiḃ, agus an ceann: agus do loisc ar a naltóir íad.


Agus do ḋéantáoi ofráil le teiniḋ don TIĠEARNA, ofráil loiscṫe, nó ioḋbuirt a gcoiṁlionaḋ móide, nó a nofráil ṫoileaṁuil nó ann ḃur ḃféastuiḃ sollamanta, do ḋéanaṁ deaġḃólaiḋ don TTIĠEARNA, do nealḃḋa, nó don tréud:


Agus an túan oile do ḋéana tú íoḋbuirt tráṫnóna: aṁail ofráil ḃíḋ na maidne, agus aṁail a ofráil diġe sin, ofráilfe tú é, íoḋbuirt déanta lé teiniḋ, do ḃolaḋ ċuṁra don TIĠEARNA.


Agus ar néiġeaṁ a rís Díosa, do ġuṫ ṁór, do ċúaiḋ a spiorad as.


Ann sin ar ngaḃáil an ḃínégre Díosa, a duḃairt sé, Atá sé ar na ċríoċnuġaḋ: agus ar gcláonaḋ a ċin, do ṫoirḃir sé a spiorad.


Noċ do ḃásuiġeaḋ air son ar gciontaine, agus do haiṫḃeóḋuiġeaḋ ċum sinne ṡáoraḋ.


Oír do ḟulaing Críosd fós éunuáir aṁáin ar son na bpeacaḋ, an firéun ar son na neiṁḟiréun, ionnus go dtiuḃraḋ sinne ċum Dé, do ḃásuiġeaḋ é a dtáoḃ na colla, aċd do béoḋaiġeaḋ é ris an Spioruid:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ