11 Agus muirfiḋ sé é ar ṫáoiḃ na haltóra leaṫ ṫuaiġ a ḃfiaġnuise an TIĠEARNA: agus na sagairt clann Aáron, croiṫfid an ḟuil timċioll fa gcuáirt ar a naltóir.
¶ Agus a duḃairt sé riomsa, A ṁic an duine, is marso a deir an Tiġearna DIA; Isíadso órduiġṫe na haltóra annsa ló a ndéanuid í, dofrail íoḋbarṫa loisge uirre, agus do ċroṫaḋ fola uirre.
¶ Annsin a duḃairt sé riom, A ṁic an duine, tóig súas do ṡúile anois leaṫ ris an ttuáisceart. Marsin do ṫóig mé súas mo ṡúile leaṫ ré sliġe an tuáisceirt, agus féuċ don leaṫ ṫuáiġ ag geata na haltóra a nioṁáiġse a néuda annsa dul a steaċ.
Agus muirfiḋ sé an ḃulóg a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA: agus bearuid na sagairt, clann Aáron, a nfuil leó, agus croiṫfid a nfuil timċioll fá gcuáirt ar a naltóir noċ atá láiṁ ré dorus ṫabernacuil an ċoṁċruinniġṫe,
Agus muirfiḋ sé án túan annsa náit a muirfiḋ a nofráil ṗeacaiḋ agus a nofráil loiscṫe, annsa náit náoṁṫa: óir mar is leís an tsagart a nofráil ṗeacaiḋ, is leis mar sin a nofráil ṡáruiġṫe: atá sí ró náomṫa:
Laḃair ré Haarón agus le na ṁacaiḃ, gá ráḋ, Is é so dliġeaḋ na hofrála peacaiḋ: annsa náit a marḃṫar a nofráil loiscṫe is ann muirfíġear a nofráil ṗeacaiḋ a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA: atá sé ro náoṁṫa.