Ann sin tiucfaiḋ bean a ḋearḃraṫar ċuige a laṫair na sinnsear, agus scaóilfiḋ sí a ḃróg ḋá ċois, agus buáilfe sí seile na éadan, agus freagoruiḋ sí, ḋá ráḋ, Mar sin do ḋeantar ris an té naċ ccuirfe tiġ a ḋearḃraṫar súas.
Anois ba é so fa ġnáṫ san tseanaimsir ann Israel a ttáoḃ ḟúasgalta agus a ttáoḃ malairte, do ḋaingniuġaḋ a nuile neiṫe; do ḃeanaḋ duine a ḃróg ḋe, agus do ḃeireaḋ dá ċoṁarsuinn í; agus bá fíaḋnuísi so ann Israel.
¶ Agus a duḃairt Boas ris na sinnsearuiḃ, agus ris an bpobal uile, As fiaḋnuisi siḃsi a niuġ, gur ċeannuiġ misi a nuile ní ba le Elimeleċ, agus an ṁéid ba lé Ċílion agus le Mahlon, as láiṁ Naomi.