Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leaḃar Rut 3:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Agus a nuáir a duáiġ agus diḃ Boas, agus go raiḃ a ċroiḋe súgaċ, do ċuáiḋ sé a luiḋe láiṁ ré cárn a narḃa: agus ṫáinic sisi go mín, agus do noċd sí a ċosa, agus do luiġ sí síos.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leaḃar Rut 3:7
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ġlac seision agus do ċuir míasa bíḋ ċuca ona ḃord féin: giḋeaḋ fá mó oirċeasaċd Ḃeniamin cuig uáire ná cuid áonduiné acasan. Agus doiḃeadar, agus do ḃádur suḃaċ aige.


¶ Anois do aiṫin Absolon da ṡearḃḟoġantaiġiḃ, ġa ráḋ, Coṁarṫuiġ anois a nuáir ḃías croiḋe Amnon súgaċ o ḟíon, agus a nuáir a déara misi riḃ, Buaíliġ Amnon; annsin marḃuiḋ é, ná bíoḋ eagla oruiḃ: naċ ar áiṫin misi ḋiḃ é? bíġi curata, agus bíġi beóḋa.


Agus a duḃairt Iesebel a ḃéan ris, Naċ tusa anois ríaġluiġeas rioġaċt Israel? éiriġ, agus iṫ arán; agus bíoḋ do ċroiḋe súgaċ: do ḃéara misi ḋuit fíneaṁuin Nábot an Niesréelítiġ.


¶ Ar an seaċdṁaḋ lá, a nuáir do ḃí croiḋe an ríġ súgaċ ó ḟíon, daiṫin sé do Ṁehuman, do Ḃista, do Harbona, do Ḃigta, do Abagta, do Ṡeṫar, agus do Ċarcas, an móirṡeisior seomradóiriġ dfoġnaḋ a ḃfiaġuúise an ríġ Ahasuerus,


Noċ do ġáirdiġios croiḋe an duine re fíon, ḃeir ar aġaiḋ deálruġaḋ re hola, agus neartuiġios croiḋe an duine re harán.


¶ Do níṫear féusta ċum sugarṫa, agus do ní an fíon súgaċ: agus freagraiḋ an tairgiod na huile neiṫe.


¶ Ni ḃfuil ní ann is féarr do ḋuine, ná iṫe agus ól, agus áoiḃneas do ṫaḃairt da anum ann a ṡáoṫar. Do ċonnairc mé so aṁluiḋ, gur ab ó láiṁ Dé ṫig sé.


Annsin do ṁol mé an suḃaċas, do ḃríġ naċ ḃfuil ní is féarr ag an nduine faói an ġréin, na iṫe, agus ól, agus beiṫ suḃaċ: óir fanfuiḋ sin aige do ṡáoṫar láeṫe a ḃeaṫa, noċ do ḃeir Día ḋó faói ngréin.


¶ Imṫiġ roṁad, iṫ harán maille re sólás, agus iḃ ṫfíon le croiḋe súgaċ; óir gaḃuiḋ Día anois hoibreaċa.


Uime sin mas íṫe, nó iḃe ḋáoiḃ, nó giḋ bé ar biṫ ní do ní siḃ, go maḋ ċum glóire Dé ḋéana siḃ na huile neiṫe.


Agus ná bíġiḋ ar meisge ó ḟíon, iona ḃfuil cráos; aċd bíġiḋ ar ḃur líonaḋ don Sbioruid;


Agus tárla, a núair do ḃadar a gcroiḋṫe súgaċ, go nduḃradar, Goiríḋ ar Ṡamson, go ndéana sé súgraḋ ḋúinn. Agus do ġoireadar ar Ṡamson as tiġ an ṗríosúin; agus do rinne sé spórt dóiḃ: agus do ṡuiġeadar idir na pilearuiḃ é.


¶ Anois ar mbeiṫ ag déanaṁ a gcroiḋṫe súgaċ ḋóiḃ, feaċ, ṫangadar muinntir na caiṫreaċ, mic áiriġ do Ḃelial, timċioll an tiġe fá gcuairt, agus do ḃuáileadar an dorus, agus do laḃradar ré fear an tiġe, an seanduine, ġá ráḋ, Taḃair amaċ an fear ṫainic dot ṫiġ, go ccoiṁríaċdanam ris.


Agus do ṡuiġeadar síos, agus do ċaiṫeadar bíaḋ agus deoċ aráon a ḃfoċair a ċéile: óir a duḃairt aṫair an ċailín ris a nóglaċ, Guiḋim ṫú bí suáiṁneaċ, agus fan a noċd, agus bíoḋ do ċroiḋe súgaċ.


Agus a nuáir do éiriġ an tóglaċ na ṡeasaṁ ċum imṫeaċd, é fein agus a léannán, agus a ṡerḃíseaċ, a duḃairt a ċlíaṁuin, aṫair an ċailín ris, Féaċ, ata an lá mall anois a ngar don tráṫnóna, guiḋim ṫú fuiriḋ feaḋ na hoiḋċe: féaċ, atá an lá deiġionaċ, fan a noċd annso, ċor go mbiáḋ do ċroiḋe súgaċ; agus a máraċ éiriġ go moċ ċum do ṡliġeaḋ, ċor go ḃféadfa tú dul don ḃaile.


¶ Agus do ċuáiḋ sí siós ċum an úrláir, agus do rinne gaċ ní dá nduḃairt a maṫairċliaṁuin ría.


Agus tárla san meaḋon oiḋċe, go ráiḃ eagla ar a nóglaċ, agus do iompóiġ é féin; agus, féaċ, do ḃí bean na luiḋe agá ċosuiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ