3 Níġ ṫú féin ar a naḋḃarsin, agus ungaiḋ ṫú féin, agus cuir héadaċ umad, agus eíriġ síos ċum a nurlaír: aċd ná léig haiṫne ċum a nóglaiċ, nó go sguiriḋ sé diṫe agus dól.
Ann sin déiriġ Dáiḃi don taluṁ, agus dionnuil sé, agus do ċuir ola air féin, agus do áṫruiġ a éadaċ, agus ṫáinic go tiġ an TIĠEARNA, agus do aḋuir: ann sin ṫáinic sé ḋá ṫiġ féin; agus a nuáir do íarr, do ċuireadar arán ann a ḟiaḋnuise, agus dúaiġ sé e.
Agus do ċuir Ióab fios go Tecoah, agus ṫug as sin bean ċríonna, agus a duḃairt ría, Guiḋim ṫú, léig ort féin ḃeiṫ ad ċuṁaċ, agus cuir ort a nois éadaċ cuṁa, agus ná cumuil ola ḋíot féin, aċ bí mar ṁnáoi atá ré fada a geuṁaiḋ ar son an ṁairḃ.
Anois tárla ar an treas lá, gur ċuir Ester a culaiḋ ḃainríoġna uirre, agus do ṡeas annsa ċúirt dob ḟaide a steaċ a ttiġ an ríġ, ṫall as coinne ṫiġe an ríġ: agus do ṡuiġ an ríġ iona ċaṫaóir ríoġa annsa tiġ ríoġaṁuil, ṫall as coinne ġeata an tiġe.
Agus is aṁluiġ ḃías, a nuáir luiḋfios sé síos, go gcuirfe tusa coṁarṫa ar a náit a luiġfe sé, agus raċaiḋ tusa a steaċ, agus tóg an téadaċ dá ċosuiḃ, agus luiġ síos; agus inneosuiḋ sé ḋuit cred ḋéanas tú.