Aċd dá sáoiliḋ éinneaċ naċ iomċuḃaiḋ ḋá ṁaiġdin bláṫ a haimsire do léigean ṫáirrsi, agus gur cóir a ḋéanaṁ mar sin, déunaḋ mar is áill ris féin, ní ḃfuil peacaḋ ḋó ann: pósdar íad.
Coiṁéadfa tú ar a naḋḃarsin a státuide, agus a aiṫeanta, noċ aiṫniġimsi ḋíot a niuġ, ċor go raċaiḋ sé go maiṫ ḋuit, agus dod ċloinn ad ḋiáiġ, agus go ḃfaduiġe tú do laéṫe ar an ttalaṁ, noċ do ḃeir an TIĠEARNA do Ḋía ḋuit, go bráṫ.
Uime sin as toil leam na mná óga fir do ṗósaḋ, clan do ḃreiṫ, aire do ṫaḃairt do ġnoṫuiġiḃ an tíġe, agus gan cionfáṫa ar biṫ do ṫaḃairt do náiḋḃerseóir ré laḃairt go holc.
Marsin dfan sí go cinnte a ḃfoċair ċailíneaḋ Ḃoas do ḋioġlum go deireaḋ foġṁair na heórna agus ḟoġṁair na cruiṫneaċda; agus do rinne sí coṁnuiġe a ḃfoċair a maṫairċleaṁna.