8 Ann sin a duḃairt Boas re Rút, Naċ ccluin tú, á inġean? Ná héiríġ do ḋioġluim aír áon ṁaċaire oile, agus ná fág so, aċd fan ann so go daingion a naice mo ċailíneaḋsa:
Agus ṫangadar a ṁuinntir ċuige, agus do laḃradar ris, agus a duḃradar, O a aṫair, dá nabraḋ an fáiḋ riot ní mór éigin do ḋéanaṁ, naċ déantá é? naċ ro ṁó ná sin, a nuáir a deir sé riot, Ionnail, agus bí glan?
Agus, féuċ, tugadar fear pairilise, na luiġe air a leabaiḋ ċuiġe: agus an tan do ċunnairc Iósa a gcreideaṁ a duḃairt sé re fear na pairilisi; Bióḋ muiniġin ṁaiṫ agad a ṁic; ataid do ṗeacaiġ ar na maiṫeaṁ ḋuit.
Agus ar ḃfilleaḋ Diósa agus ar na faicsinsean dó, a duḃairt sé, Bióḋ muiniġin ṁaiṫ agad, a inġean; do ṡlánaiġ do ċreideaṁ ṫú. Agus do ḃí an ḃean slán ó a nuáirsin a maċ.)
Tuille eile, a ḋearḃraiṫre, giḋ bé ar biṫe neiṫe atá firinneaċ, giḋ bé neiṫe atá trómġa, giḋ bé neiṫe atá ceart, giḋ bé neiṫe atá glan, giḋ be neiṫer as fíu gráḋ, giḋ bé neiṫe ar a ḃfuil deaġṫeisd; ma tá súḃailciġe ar biṫ, agus má tá molaḋ, go maḋ híad ḃías siḃ a smuáineaḋ.
Agus a duḃairt sí, Guiḋim ṫú, léig ḋaṁ déasa do ḋioġluim agus do ṫionól a ndiaiġ na meiṫle a measc na bpunann: mar sin do ṫáinic sí, agus dfan ó ṁaidin gus a nois, aċd gur ḟan sí tamall beag annsa tiġ.
Bídis do ṡúile ar an ṁaċaire a mbéid síad ag buáin, agus lean íad: naċ ar ḟúagair misi do na hogánuiḃ gan buáin ríot? agus a nuáir ḃías tart ort, imṫiġ ċum na soiṫeaċ, agus iḃ deoċ as an ní do ṫairngiodar na hóganuiġ.
Agus do ġoir an TIĠEARNA a ris, A Ṡamuel. Agus déiriġ Samuel agus do ċuáiḋ sé go Héli, agus a duḃairt sé, Atáimsi annso; óir do ġoir tú orum. Agus do ḟreagair seision, Agus a duḃairt, Níor ġoir misi ort, a ṁic; lúiġ síos a rís.