Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leaḃar Rut 2:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Agus do ḟreagair an searḃḟoġantuiġ do cuireaḋ ós cionn na meiṫle, agus a duḃairt, Ag so an cailín Ṁóabiteaċ ṫáinic ar a haís as tír Ṁóab lé Naomi;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leaḃar Rut 2:6
10 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt Abram, A TIĠEARNA Día, cread do ḃéura tú ḋaṁ, ó táim ag imṫeaċd gan ċloinn, agus gurob é ann Telieser so ó Ḋamascus feamanaċ mo ṫiġe?


Agus a duḃairt Abraham ris an tsearḃfoġantuiġ fá sine na ṫiġ, do riaġluiḋ a nuile ní dá raiḃ aige, Guiḋim ṫú, cuir do láṁ fáoi mo ṡlíasuid:


Agus fuáir Ióseṗ grása iona raḋarc, agus do rinne seirḃís dó: agus do rinne feiṫṁeóir ós cionn a ṫiġe ḋe, agus do ċuir fá na láiṁ a raiḃ aige.


Agus ar dteaċd don tráṫ nóna, a deir tiġearna na fíneaṁna ré na sdíoḃard, Goir an luċd oibre, agus taḃair ḋóiḃ a dtúarasdal, ag tosuġaḋ ón luċd ṫáinic fa ḋeireaḋ, go soiṫe na céaddáoine.


Uime sin cía a tá na óglaċ ḟírinneaċ ġlic, noċ do ċuir a ṫiġearna ós cionn a ṁuinntíre, do ṫaḃair bíḋ ḋóiḃ na am féin?


Agus a duḃairt Rút, Ná bíarr orum ṫfágḃáil, nó filleaḋ ó ḃeiṫ ad leanṁuin: óir giḋ bé áit a raċa tú, raċa mé ann; agus mar a ngeaḃa tú lóistín, is ann ḃíadsa: is íad do ḋaoine ḃus daoine ḋaṁsa, agus do Ḋía ḃus Día ḋaṁ:


¶ Marsin do imṫiġeadar araon nó go ttangadar go Betlehem. Agus tárla, a nuáir ṫangadar go Betlehem, gur buaiḋreaḋ an ċaṫair uile na ttimċioll, agus go nabraidís, An í so Naomi?


Marsin do ḟill Naomi, agus Rút an Móabiteaċ, a bainċliaṁuin, maille ría, noċ do ḟill as tír Ṁóab: agus tangadar go Betlehem a ttosaċ ḟoġṁair na héorna.


Ann sin a duḃairt Boas re na ṡearḃḟoġantuiġ do ḟuiriġ ós cionn na meiṫle. Cía ar leis an cailínsi?


Agus a duḃairt sí, Guiḋim ṫú, léig ḋaṁ déasa do ḋioġluim agus do ṫionól a ndiaiġ na meiṫle a measc na bpunann: mar sin do ṫáinic sí, agus dfan ó ṁaidin gus a nois, aċd gur ḟan sí tamall beag annsa tiġ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ