4 ¶ Agus, féaċ, ṫáinig Boas ó Ḃetlehem, agus a duḃairt ris na buanuiġiḃ, Go raiḃ an TIĠEARNA maille riḃ. Agus do ḟreagradarsan é, go mbeanuiġ an TIĠEARNA ṫusa:
Oír is aiṫniḋ ḋaṁsa é, go ttiuḃra aiṫne ḋá ċloinn, agus dá ṫeaġlaċ na ḋiaiġ, agus coiṁédfuid sliġe an TIĠEARNA do ḋéunaṁ ceirt agus breiṫeaṁnuis; ionnus go ttiuḃra an TIĠEARNA air Abraham an ní sin do laḃair dá ṫaoḃ.
Is marso a deir TIĠEARNA ná slóġ, Día Israel; Fós gnáiṫeoċuid siad an ċaintsi a ttír Iúdah agus iona caiṫreaċaiḃsin, a nuáir do ḃéarus misi a mbraiġdionas a rís; Go mbeannuiġ an TIĠEARNA ṫusa, a áitreaḃ an ċeirt, agus a ṡlíaḃ na náoṁṫaċda.
Agus ar ndul a sdeaċ dá hionnsuiġe do naingeal, a duḃairt se, Dia do ḃeaṫa a óġ roġrásaṁuil: a tá an Tiġearna maille riot: is beannuiġe ṫú eidir na mnáiḃ.
Agus an dream agá ḃfuilid maiġisdreaḋa deaġċreidṁeaċa, ná bíoḋ tarcuisne aca orrṫa do ḃríġ gur dearḃráiṫre íad; aċd go maḋ móide ḋéanuid seirḃis, do ḃríġ go ḃfuilid síad deaġċreidṁeaċ gráḋaċ, agus pártaċ sa dtioḋlacaḋ. Múin agus teaguisg na neiṫese.
Agus má ċítior ḋaóiḃ gurob olc serḃís do ḋéanaṁ don TIĠEARNA, toġaiḋ féin a niuġ cía haca dá ndéantaoi serḃís; an do na déeiḃ noċ daḋair ḃur naiṫré táoḃ ṫall don tuile nó do ḋéeiḃ na Namoriteaċ, a ndúiṫċe a ḃfuiltí: aċ ar mo ṡonsa agus ar son mo ṫiġe, foiġeonam don TIĠEARNA.
Agus do imṫiġ sisi, agus ṫáinic sí, agus do ḃí ag díoġluim déus a ndiaiġ na mbuainaiġ annsa ṁaċaire: agus tárla a ndán di teagṁáil ar an gcuid dón ṁaċaire noċ fa le Boas, noċ do ḃí do ṡlioċd Elimeleċ.
Agus a duḃradar, a raiḃ do ḋaóiniḃ annsa ġeata, agus na seanóiriġ, Is fiaḋnuisi. Go ndéarna an TIĠEARNA an bean ṫáinic dot ṫiġ cosṁuil re Ráċel agus re Leah, noċ is iad an días sin do ċuir súas tiġ Israel: agus déanasa go mórḋa ann Eṗrátah, agus bí oirḋeirc a Mbetlehem.
A duḃairt Dáiḃi fós, An TIĠEARNA do ṡáor misi ó croḋ an leoṁuin, agus ó ċroḋ an ṁaṫġaṁuin, sáorfuiḋ sé as láiṁ an Ṗilistiniġsi mé. Agus a duḃairt Saul re Dáiḃi, Eiriġ, agus go raiḃ an TIĠEARNA maille leaċd.