Agus do ṫaḃuiḋ Menahem an tairgiod ar Israel, eaḋon air gaċ uile ḋume ċumasaċ a saíḋḃrios, ar gaċ éanduine cáogad secel airgid, ré ṫaḃairt do ríġ na Hassíria. Marsin do ḟill ríġ na Hassíria ar ais, agus níor ḟan annsin ansa dúiṫċe.
Do bí a ṁaóin mar an ccéadna seaċt míle cáora, agus trí ṁíle cáṁall, agus cúig ċéad cúpla daṁ, agus cúig ċead assal bainionn, agus teaġlaċ roṁór; iondus gur ḃé an fearso duine buḋ mó don taóiḃ ṡoir uile.
Agus do bé ainm an duine Elimeleċ, agus ainm a ṁná Naomi, agus ainm a ḋeisi mac Mahlon agus Ċilion, Eṗratitiġ ó Ḃetlehem‐Iúdah. Agus tangadar a steaċ go dúṫaiġ Ṁóab, agus dfanadar ansin.
Agus a duḃairt Rút an Moabíteaċ re Naomi, Léig ḋaṁsa a nois dul fan maċaire, ċum déasa arḃa do ḋioġluim a ndiáiġ an té a ḃfaġa mé grása iona raḋarc. Agus a duḃairt sisi ría, Imṫiġ a inġean.