¶ Ann sin do éiriġ sí maille re na bainċleaṁnuiḃ, ċor go ḃfillcaḋ sí as tír Ṁoab: óir do ċúalaiḋ sí a ttír Ṁoab mar do ḟiosruiġ an TIĠEARNA a ṗobal le taḃairt aráin dóiḃ.
Agus a duḃairt Naomi re na días ḃainċleaṁnuiḃ, Eirgiḋe, filleaḋ gaċ aon aguiḃ go tiġ a maṫar: go ndéarna an TIĠEARNA go trócaireaċ riḃ, mar do rinneaḃairsi ris na marḃuiḃ, agus riomsa.