Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Leaḃar Rut 1:1 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Anois tárla annsna laéṫiḃ a raḃadar na breíṫeaṁuin na núaċdaráin, go raiḃ gorta sa dúiṫċe. Agus do ċuáiḋ duine áiriġ do Ḃetlehem‐Iúdah do ċoṁnuiḋe go tír Ṁoab, é féin, agus a ḃean, agus a ḋías mac.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Leaḃar Rut 1:1
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ḃí gorta ann sa tir: agus do ċúaiḋ Abram síos don Egipt do ċoṁnúiġe ann sin; óir do ḃí an ġorta doilġeasaċ sa talaṁ.


Agus do ḃí gorta san tír, táoḃ amuiġ don ċeud ġorta do ḃí innte a láeṫiḃ Abraham. Agus do ċuáiḋ Isaac mar a raiḃ Abimeleċ riġ na Ḃṗílistíneaċ go Gerar.


Agus do ḃí an ġorta go ro ṁór sa tir.


An sin do ḃí gorta a laéṫiḃ Ḋáiḃi trí bliaḋna, a ndiáiġ a ċéile; agus dfíafruiġ Dáiḃi don TIĠEARNA. Agus do ḟreagair an TIĠEARNA, Is arson Ṡauil, agus a ṫiġe ḟuiltíġ, do ḃríġ gur ṁarḃ sé na Gibeonitiġ.


Agus do imṫiġ Elias ḋa ṫaisbeanaḋ féin do Ahab. Agus do ḃí gorta ṁór a Samária.


Salma aṫair Ḃet‐lehem, Hareṗ aṫair Ḃet‐gader.


Mic Ṡalma; Bet‐lehem, agus na Netoṗatitiġ, Atarot, tiġ Ioab, agus leaṫ na Manahetiteaċ, na Sorítiġ.


Agus do ġoir sé gorta air an ttalaṁ: agus do ḃris sé a nuile stór aráin.


Fearann tórṫaċ a ngorta, ar son corbaiḋ an luċta noċ áitriġios ann.


Focal an TIĠEARNA noċ ṫáinic go Ieremiah a dtáoḃ na gorta.


A ṁic an duine, an tan ṗeacoċas an dúṫaiġ am aġaiḋsi le ciontuġaḋ go hanṁór, annsin sínfiḋ mé mo láṁ amaċ air, agus brisfiḋ mé maide a naráin, agus cuirfiḋ mé gorta air, agus gearrfa mé amaċ an duine agus an beaṫaċ úaḋa:


Oír is marso a deir an Tiġearna DIA; Cá ṁéad ní sa ṁó na sin an tan ċuirfios mé mo ċeiṫre breiṫeaṁnuis niṁneaċa air Ierusalem, an cloiḋeaṁ, an ġorta, an beaṫaċ urċóideaċ, agus an ṗláiġ, do ġearraḋ duine agus beaṫuiġ úaḋa amaċ?


Agus réubṫa mé néart ḃur núaḃair; agus do ḋéana mé ḃur neaṁ aṁail íarann, agus ḃur talaṁ aṁail ṗras:


¶ Agus ṫug misi fos gloine ḟíacal díḃ ann ḃur ccaiṫreaċaiḃ uile, agus easḃuiḋ aráin ann ḃur bpálásaiḃ: aċt ċeana níor filleaḃair ċugamsa, a deir an TIĠEARNA.


Aċt ṫusa, a Ḃet‐lehem Eṗrátah, bíoḋ gur beag ṫú a measg ṁílteaḋ Iúdah, giḋeaḋ tiucfaiḋ asad amaċ ċugamsa úaċdarán ḃias ar Israel; a raiḃ a ḋul amaċ ó a nallód, ó laéṫiḃ ná síorruiḋeaċda.


Béara tú mórán síl amaċ fán maċaire, agus ní ċruinneoċa tú aċd beagán a steaċ; óir iosuid na lócuistiġ é.


¶ Agus na ḋiaiġ sin do ḃí Ibsan ó Ḃetlehem na ḃreiṫeaṁ ar Israel.


¶ Agus do ḃí óganaċ as Betlehem‐Iúdah do ṫreiḃ Iudah, noċ do ḃí na Leḃíteaċ, agus do ḃí ar cuáirt ann sin.


Agus do imṫiġ an tóglaċ amaċ as an gcaṫruiġ as Betlehem‐Iúdah do ḋeánaṁ coṁnuiġ mar a ḃfuiġeaḋ ionad: agus táinic go slíaḃ Eṗraim go tiġ Ṁicah, ann a ṫurus.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ