9 Agus a duḃairt Día ré Ionah, An maiṫ do ní tusa fearg do ḃeiṫ ort mun scáṫ? Agus a duḃairt seision, Is maiṫ do ním ḃeiṫ feargaċ, eaḋon go nuige an mbás.
Agus ṫáinic Ahab ḋá ṫiġ go duḃaċ feargaċ do ḃríġ an ḟocail do laḃair Nábot an Tiesreelíteaċ ris: óir a duḃairt sé, Ní ṫiuḃra mé oiġreaċd maiṫreaḋ ḋuit. Agus do luiġ sé síos air a leabuiḋ, agus diompóiġ a aġaiḋ ó ċáċ, agus níor ḃáill leis arán diṫe.
Anusin a duḃairt an TIĠEARNA, do ḃí truáiġe agad don scáṫ, naċ tú do ṡaóṫruiġ, ná ṫug air fás; noċ ṫáinic a níos a noiḋċe, agus dimṫiġ seaċad a noiḋċe.
Agus tárla, a nuáir do éiriġ an ġrían, gur ġléus Día gáoṫ ḋeanaċt a noir; agus do ḃuáil ar ċeann Iónah, iondus gur anḃfamniġ sé, agus dórduiġ sé ann féin bás dfaġáil, agus a duḃairt, Is feárr ḋaṁ bás ná beaṫa.