Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Jonah 4:8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Agus tárla, a nuáir do éiriġ an ġrían, gur ġléus Día gáoṫ ḋeanaċt a noir; agus do ḃuáil ar ċeann Iónah, iondus gur anḃfamniġ sé, agus dórduiġ sé ann féin bás dfaġáil, agus a duḃairt, Is feárr ḋaṁ bás ná beaṫa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Jonah 4:8
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus, féuċ, tangadur seaċd ndiásá tana cáola, ar na ccáoċaḋ ón ġáoiṫ a nsoir, a níos na ndiáiġ.


¶ Aċt dimṫiġ sé féin uiḋe laé a steaċ annsa ḃfásaċ, agus ṫáinic agus do ṡuiġ síos faói ċrann Iuniper: agus díarr sé ḋó féin bás dfaġáil; agus a duḃairt, As lór anois; a ṪIĠEARNA, beír leaċd manum; óir ní féarr misi ná maiṫreaċa.


Agus ṫáinic Ahab ḋá ṫiġ go duḃaċ feargaċ do ḃríġ an ḟocail do laḃair Nábot an Tiesreelíteaċ ris: óir a duḃairt sé, Ní ṫiuḃra mé oiġreaċd maiṫreaḋ ḋuit. Agus do luiġ sé síos air a leabuiḋ, agus diompóiġ a aġaiḋ ó ċáċ, agus níor ḃáill leis arán diṫe.


Aċt a duḃairt seision ría, Laḃran tú mar laḃrus áon do na mnáiḃ amuideaċa. Cred so? an uglacfum maiṫ as láiṁ Dé, agus naċ géuḃam olc úaḋ? Annso uile níor ṗeacuiḋ Iób le na ḃéul.


Iondus go ttoġann manum taċtaḋ, agus bás tar mo ḃeaṫa.


San ló ní ḃuáilfe an ġrían ṫú, nó an ġealaċ san noiḋċe.


Do ḃí mé balḃ, níor ḟoscáil mé mó ḃéul; do ḃríġ go ndéarna tusa é.


Ná bí deiṫniosaċ ann do spioraid ċum feirge: óir coṁnuiġiḋ a nfearg a mbrollaċ na namadáin.


Ná féuċuiḋ orumsa, do ḃríġ go ḃfuilim duḃ, do ċionn gur ḟéuċ an ġrían orum: do ḃádar clann mo ṁaṫar feargaċ riom; do rinneadar coiṁéaduiġ a luḃġoirt ḟíneaṁna ḋíomsa; aċt níor ċoiṁéad mé mfineaṁuin féin.


Ní ḃiáid ocraċ ná tartṁar; ní mo ġoirteoċus an teasḃaċ nó an ġrían íad: óir tréoroċuiḋ an té agá ḃfuil truáiġe ḋóiḃ íad, eaḋon láiṁ ris na tiobruiḃ fíoruisge ḃéaras sé éolus dóiḃ.


Aċt do táirngioḋ as a fréiṁ í a ndíḃḟeirg, do teilgeaḋ síos go talaṁ í, agus do ṫiormaiġ an ġáoṫ a noir a toraḋ: do briseaḋ agus do críonaḋ a slata láidre; do ḋóiṫ an teine iad.


¶ Má tá go ḃfuil sé tarḃaċ a measg a ḋearḃráiṫreaċ, tiucfa gáoṫ a noir, tiucfa gáoṫ an TIĠEARNA súas ón ḃfásaċ, agus tiormoċuiḋ sí a ṫobar, agus tiormoċṫar súas a ṫiubruid: millfe sé ionnṁus gaċ uile ṡoiṫeaċ taitneaṁaċ.


Ann sin a duḃairt Maóise re Háaron, Is é so an ní do laḃair an TIĠEARNA, gá ráḋ, Biáiḋ mé náoṁṫa annsa droing ṫig a ngar ḋaṁ, agus as coinne an ṗobail uile biáiḋ glóir ḋaṁ. Agus do ṫoċd Aáron.


Anois dórduiġ an TIĠEARNA íasg mór Iónah do ṡlugaḋ súas. Agus do ḃí Iónah a mḃroinn a néisg trí lá, agus trí hoiḋċe.


¶ Aċt do ċuir an TIĠEARNA gáoṫ ṁór amaċ air an ḃfáirge, agus do ḃí anfa ro ṁór air an ḃfairge, iondus gur ṡaóil an long ḃeiṫ briste.


Ar a naḋḃarsin a nois, a ṪIĠEARNA, beir manam úaim, iarruim, daṫċuinge ort; óir is feárr ḋaṁ bás ná beaṫa.


Agus a duḃairt Día ré Ionah, An maiṫ do ní tusa fearg do ḃeiṫ ort mun scáṫ? Agus a duḃairt seision, Is maiṫ do ním ḃeiṫ feargaċ, eaḋon go nuige an mbás.


Ag ráḋ, An dreamso ṫáinic fa ḋeireaḋ ni ḋearnadar obair aċd áonúair a ṁáin, agus do ċuirisi íad a gcoiṁṁeas rinne, diomċuir muiriḋin agus teasḃaċ an láoi.


An ṁéid is ionṁuin leamsa, cronuiġim agus smaċduiġim íad: uime sin bíoḋ teasġráḋ agad, agus déun aiṫriġe.


Ní ḃiáiḋ ocarus orra nisa ṁó, ná tart feasda orrṫa; agus ní luíġfiḋ an ġrían orrṫa, ná teas ar biṫ.


Agus dínnis Samuel dó gaċ uile ní, agus níor ċeil éinní air. Agus a duḃairt seision, Sé an TIĠEARNA é: déanaḋ sé an ní is áill leis feín.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ