Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Jonah 4:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus do ġuiḋ sé ċum an TIĠEARNA, agus a duḃairt sé, Guiḋim ṫú, a ṪIĠEARNA, naċ ar ḃé so mo ráḋsa, an tan do ḃaḋas fos ann mo ṫír? Uimesin do ṫeiṫ mé roiṁe go Tarsis: óir do ḃi a ḟios agam gur Día grásaṁuil ṫusa, agus trocaireaċ, mall ċum feirge, agus mórċinéulta, agus go mbí aiṫreaċus uilc ort.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Jonah 4:2
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

¶ Aċt dimṫiġ sé féin uiḋe laé a steaċ annsa ḃfásaċ, agus ṫáinic agus do ṡuiġ síos faói ċrann Iuniper: agus díarr sé ḋó féin bás dfaġáil; agus a duḃairt, As lór anois; a ṪIĠEARNA, beír leaċd manum; óir ní féarr misi ná maiṫreaċa.


Atá an TIĠEARNA grásaṁuil agus lán do ṫruáiġe, fad ḟuilingeaċ, agus diomud trócaire.


Atá an TIĠEARNA grásaṁuil, agus lán do ṫruáiġe; fadḟuilingṫeaċ, agus mórṫrócaireaċ.


Ṫairis sin, mar do ḃí sé trócaireaċ, do ṁaiṫ a ccionta, agus níor sgrios íad: agus dfill sé go minic a ḟearg tar a hais, agus níor ṁúscail sé a ḋiḃḟearg uile.


Aċt atá tusa, a ṪIĠEARNA, Día trócaireaċ, grásaṁuil, ag fulang a ḃfad, agus lán do ṫrócaire agus dfírinne.


Oír tusa, a ṪIĠEARNA, atáoi maiṫ agus maiṫfeaċ; agus ro ṫrócaireaċ don luċd ġairios ort.


Iompóiġ, a ṪIĠEARNA, ca fad? agus bíoḋ aiṫreaċus ort a ttáoḃ do ṡeirḃíseaċ.


Agus do ġlac aiṫreaċas an TIĠEARNA fan olc do smuáin sé do ḋeanaṁ ḋá ṗobal.


Má ḟilleann an cineaḋsin, a naġaiḋ ar ḟúagair mé, ó na nolc, biáiḋ aiṫreaċus orumsa ó nolc do ḃreaṫnuiġ mé do ḋéanaṁ na naġaiḋ.


¶ O a ṪIĠEARNA, do ṁeall tú mé, agus do ḃí mé meallta: ís treise ṫú ná misi, agus rug tú buáiḋ: atáim a ttarcuisne gaċ áonla, bí gaċ uile ḋuine ag magaḋ orum.


Uimesin a nois leasuiġiḋ ḃur sliġṫe agus ḃur ngníoṁa, agus uṁlúiġiḋ do ġúṫ an TIĠEARNA ḃur Ndía; agus biáiḋ aiṫreaċuis air an TTIĠEARNA ó nolc dfúagair sé ḃur naġaiḋ.


Má ḟantaói a ccoṁnuiḋe annsa tírse, annsin cuirfiḋ misi súas siḃ, agus ní ṡraóilfe mé síos siḃ, agus plainndeoċa mé siḃ, agus ní ṫairreonga mé a níos siḃ: óir is aiṫreaċ liom an tolc do rinne mé oruiḃ.


Do ġaḃ aiṫreaċus an TIĠEARNA nimeso: Ní ḃiáiḋ, a deir an TIĠEARNA.


Do ġaḃ aíṫreaċus an TIĠEARNA uimeso: ní ḃiáiḋ so, a deir an Tiġearna DIA.


Aċt deiriġ Iónah súas do ṫeiṫeaṁ go Tarsis ó laṫair an TIĠEARNA, agus do ċuáiḋ sios go Ioppa; agus fuáir lóng ag dul go Tarsis: marsin do ḋíol sé ar son a ḃeirṫe ṫairis, agus do ċuáiḋ innte síos, do ḋul leó go Tarsis ó laṫair an TIĠEARNA.


¶ Agus do ċonnaire Día a noibreaċa, gur impoiġeadar ó na ndroiċ ṡliġe; agus do ġaḃ aiṫreaċus Día fan nolc, a duḃairt sé do ḋéanaḋ ḋóiḃ; agus ní déarnuiġ sé é.


Cía agá ḃfuil a ḟios naċ iompoċaḋ Día agus go maḋ aiṫreaċ é, agus go ḃfillfeaḋ sé ó na ḟeirg ḟíoċṁuir, iondus naċ imṫiġiom seaċad?


¶ Cía an Día atá cosṁuil riotsa, ṁaiṫeas éigceart, agus léigios ṫairis sáruġaḋ íarsma a oiġreaċda? ná ċongṁann sé a ḟearg ċoiḋċe, do ḃríġ go ndúiliġionn sé a ttrócaire.


Aċd ar mbeiṫ ḋósan, funnṁar ó a ḟiréantaċd féin da ṫaisbéanaḋ, a duḃairt sé re Híosa, Maseaḋ ciá hé mo ċoṁarsa?


(Oír an TIĠEARNA do Ḋía as Día grásaṁuil é); ní ṫréigfe sé ṫú, agus ní scriosfa sé ṫú, agus ní mó ḋearmadfaiḋ sé cunnraḋ haiṫreaḋ noċ do ṁionnuiġ sé ḋóiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ