11 Agus cred naċ ccoigeoluinnsi Nineḃeh, an ċaṫair ṁór sin, iona ḃfuil ní sa ṁó ná sé fiṫċid míle pearsa naċ eidírḋealuiġionn eider a láiṁ ḋeis agus a láiṁ ċlé; agus fós iomad áirnéise?
Agus ré gaċ uile ċréutuir béo dá ḃfuil maille riḃ, do néunlaiṫ, do náirnéis, do nuile ḃeaṫaċ ar talaṁ atá aguiḃ; ón uile da ndeaċuiḋ amaċ as an áirc, do nuile ḃeaṫaċ ar talaṁ.
Tigiḋ anois, agus déanum réusún re ċéile: a deir an TIĠEARNA: mátá go ḃfuilid ḃur bpeacaiḋe aṁuil scáirléad, béiḋ síad coiṁġeal ré sneaċda; mátá go ḃfuilid dearg mar ċrimson, béiḋ síad aṁuil olann.
¶ Agus do ċonnaire Día a noibreaċa, gur impoiġeadar ó na ndroiċ ṡliġe; agus do ġaḃ aiṫreaċus Día fan nolc, a duḃairt sé do ḋéanaḋ ḋóiḃ; agus ní déarnuiġ sé é.
Anusin a duḃairt an TIĠEARNA, do ḃí truáiġe agad don scáṫ, naċ tú do ṡaóṫruiġ, ná ṫug air fás; noċ ṫáinic a níos a noiḋċe, agus dimṫiġ seaċad a noiḋċe.
Os a ċionn sin ḃur ndáoine beaga, noċ a duḃraḃair a ḃeiṫ na ccreiċ, agus ḃur cclann, ag naċ raiḃ fios uilc nó maiṫeasa san ló sin, raċuid siadsion ann a steaċ, agus is dóiḃsion do ḃéura mé é, agus sealḃoċuiḋ síad é.