10 Anusin a duḃairt an TIĠEARNA, do ḃí truáiġe agad don scáṫ, naċ tú do ṡaóṫruiġ, ná ṫug air fás; noċ ṫáinic a níos a noiḋċe, agus dimṫiġ seaċad a noiḋċe.
Agus an mac ḃías oċd la dáois eadruiḃ timċiollġearrfar é, gaċ uile ġein ṁic ann ḃur ngeinealaċuiḃ, an té ḃéarṫar annsa tiġ, no ċeannoċar ar airgead ó ċoiṁiṫiġeaċ ar biṫ, naċ bfuil dot ṡíolsa.
Agus cred naċ ccoigeoluinnsi Nineḃeh, an ċaṫair ṁór sin, iona ḃfuil ní sa ṁó ná sé fiṫċid míle pearsa naċ eidírḋealuiġionn eider a láiṁ ḋeis agus a láiṁ ċlé; agus fós iomad áirnéise?
Agus a duḃairt Día ré Ionah, An maiṫ do ní tusa fearg do ḃeiṫ ort mun scáṫ? Agus a duḃairt seision, Is maiṫ do ním ḃeiṫ feargaċ, eaḋon go nuige an mbás.
Oir an feaḋ ṁairfeas mac Iesse ar taluṁ, ní daingneoċar ṫusa, nó do rióġaċd. Anois uime sin cuir fios air agus taḃair ċugamsa é, óir go deiṁin caiṫfiḋ sé bás dfulang.