¶ Agus tárla, a nuáir do ċuála Ahab na bríaṫra sin, gur réub sé a éadaċ, agus gur ċuir saicéadaċ ar a ċorp, agus gur ṫroisg, agus gur luiḋ a néadaċ tóinniġ, agus gur imṫiġ go mín.
¶ O a inġean mo ḋaóine, criosluiġ ṫú féin a saicéadaċ, agus onfuirt ṫú féin a luáiṫreaḋ: déana ṫú féin cúṁṫaċ, aṁuil as buḋ ar son aóin ṁic aṁáin, caóineaḋ ro ġéur: óir tiucfuiḋ an creaċadóir oruinn go hobann.
Suiġíd sinnsir inġine Sion air an ttalaṁ, agus bíd na ttoċd: do ṫeilgiodar luáiṫreaḋ air a cceannaiḃ; agus do ċriosluiġeadar íad féin lé saicéaḋaċ: cromaid maiġdiona Ierusalem á ccinn síos gus an ttalaṁ.
Annsin tiucfuid uile ṗrionnsaḋa na fairge a núas as a ccaṫaóiriḃ; agus cuirfid a róbaḋa díoḃ, agus cuirfid díoḃ a cculaḋa bróidnealta: éideoċúid síad íad féin lé creaṫaiḃ; suiḋfid air an ttalaṁ, agus béid air crioṫ lé gaċ áon ṁóment, agus biáiḋ úaṫḃás orra dot ṫáoḃsa.
Is anáoiḃinn ḋuit, a Ċorasin! Is anáoiḃinn duit, a Ḃetsáida! Óir da maḋ a Ttírus agus a Sídon, do ḋéantuiḋe na miorḃuile, do rinneaḋ ionnaiḃsi, is fada ó ṡoin do ḋéindís aiṫriġe a néadaċ róin agus a lúaiṫ.
Is anáoiḃinn duit, a Ċorásin! as anáoiḃinn duit, a Ḃetsáida! oir dá maḋ a Dtírus agus a Sídon, do ḋéantáoi na miorḃuile do rinneaḋ ionnaiḃsi, is fada ó da ḋéanaidís aiṫriġe, na suiḋe a néadaċ roín agus a luaiṫreaġ.