¶ Annsin dfuágair misi trosgaḋ san náitsin ag an naḃuinn Ahaḃa, go ccráiḋfemis sinn feín a laṫair ar Ndé, lé a níarrfamáois air sliġe ḋíreaċ ḋúinn féin, agus dar náos óg, agus dar máoin uile.
Anuair do ṁoṫaiġ Mordecai gaċ a ndéarnaḋ ann, do ḃris Mordecaí a éadaċ, agus do ċuir sé saicéadaċ uime agus lúaiṫ, agus do ċúaiḋ sé amaċ a meaḋon na caiṫreaċ, agus déiġ sé lé héiġeaṁ ard searḃ;
Agus ní ṁúinfid síad ní sa ṁó gaċ áonduine a ċoṁarsa, agus gaċ aonduine a ḋearḃráṫair, ġa ráḋ, Bíoḋ fios an TIĠEARNA agaiḃ: óir biáiḋ mfios aca uile, ón té is luġa ḋíoḃ gus an té is mó ḋíoḃ, a deir an TIĠEARNA: óir maiṫfiḋ mé a négceart, agus ní ċuiṁneoċa mé a bpeacaiḋ ni is mó.
Agus tárla annsa ċúigeaḋ blíaḋain do Iehoiacim ṁac Iosiah ríġ Iúdah annsa náoṁaḋ mí, gur ḟúagradar trosgaḋ a ḃfíaġnuise an TIĠEARNA don ṗóbal uile ann Ierúsalem, agus do nuile ṗobal ṫáinic ó ċaiṫreaċaiḃ Iúdah go Hierúsalem.
¶ Náoṁuiḋse troscaḋ, goiriḋ coiṁṫionól sollamonta, cruinniġiḋ na sinnsir, agus aitreaḃuiġ talṁan uile asteaċ a dtiġ an TIĠEARNA ḃur Ndía, agus éiġiḋ ċum an TIĠEARNA,
Agus ṫug fa deara a ḟuagra agus ḟoillsiuġaḋ air feaḋ Nineḃeh maille re hórduġaḋ an ríġ agus a úasal, ag ráḋ, Duine nó beaṫaċ, airġe nó tréad, ná blaisedís éainní: ná hinġiltedís, agus ná hiḃedís uisge:
Eiréoċaiḋ luċd Nineḃeh a mbréiṫeaṁnus leis an ngeinealaċso, agus daimneoċaid síad é: óir do rinneadarsan aiṫriġ ag seanmoir Iónas; agus, féuċ, a tá neaċ is mó ná Iónas ann so.
Eireóċaid luċd Niníḃe a mbreiṫeaṁnus maille ris an gcineaḋso, agus dainmeóċaid é: oír do rinneadarsan aiṫriġe ag seanmóir Iónas; agus, féuċ, atá duine as mó ná Iónas ann so.
As tré ċreideaṁ, ar ḃfaġáil fógarṫa ó Ḋía do Naói a dtimċioll na neiṫeann naċ raiḃ fós ré na ḃfaicsin, ar ngaḃáil ḟaitċis do, dullṁuiġ sé a náirc do ṡáḃáil a ṫiġe féin; tré ḋamnuiġ sé an doṁan, agus do rinneaḋ óiġre na fíréuntaċda atá tré ċreidiṁ ḋé.