Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Jonah 3:10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 ¶ Agus do ċonnaire Día a noibreaċa, gur impoiġeadar ó na ndroiċ ṡliġe; agus do ġaḃ aiṫreaċus Día fan nolc, a duḃairt sé do ḋéanaḋ ḋóiḃ; agus ní déarnuiġ sé é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Jonah 3:10
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ċuir Día aingeal go Hierusalem da sgrios: agus mar ḃí sé agá lérscrios, do ċonnairc an TIĠEARNA, agus dob aiṫreaċ leis an tolc, agus a duḃairt ris an aingeal do ḃí ag milleaḋ, Is lór sin, connuiṁ a nois do láṁ. Agus do ṡeas aingeal an TIĠEARNA ag urlár ḃúailte Ornan an Iebusíteaċ.


Agus do ġlac aiṫreaċas an TIĠEARNA fan olc do smuáin sé do ḋeanaṁ ḋá ṗobal.


Giḋ bé ċeilios a ṗeacuiġe ní ḃía biseaċ air: aċt giḋ bé adṁas agus ṫréigios íad do ġeaḃa sé trócaire.


¶ Giḋeaḋ fuirḟeiṫṁiġ an TIĠEARNA, ré ḃeiṫ grásaṁuil daóiḃ, agus áirdeoċṫar uimesin é, ċor go ndéana sé trócaire oruiḃ: óir is Día breiṫeaṁnuis an TIĠEARNA: is beannuiġ an ṁéid ḟuirḟeiṫfios air.


Gíḋ bé am a laiḃeora mé attaoḃ ċiniḋ, agus a ttáoḃ rioġaċd, do ṫarruing súas, agus do leagaḋ síos, agus dá scrios;


Má ḟilleann an cineaḋsin, a naġaiḋ ar ḟúagair mé, ó na nolc, biáiḋ aiṫreaċus orumsa ó nolc do ḃreaṫnuiġ mé do ḋéanaṁ na naġaiḋ.


Féadfuiḋe go ccluinfeaḋ tiġ Iúdah a nuile olc dar ṫionscuin misi do ḋéanaṁ ḋóiḃ; ċor go ḃfillfidis gaċ uile ḋuine ó na ḋroiċṡliġe; ċor go maiṫfinnsi a néigceart agus a bpeacaḋ.


Má ḟantaói a ccoṁnuiḋe annsa tírse, annsin cuirfiḋ misi súas siḃ, agus ní ṡraóilfe mé síos siḃ, agus plainndeoċa mé siḃ, agus ní ṫairreonga mé a níos siḃ: óir is aiṫreaċ liom an tolc do rinne mé oruiḃ.


Agus réabuiḋ ḃur ccroiḋṫe, agus narab íad ḃur néuduiġe, agus filliḋ ċum an TIĠEARNA ḃur Ndía: óir atá sé grásaṁuil agus trócaireaċ, mall ċum feirge, agus lán do ċíneul, agus atá aiṫreaċus air um a nolc.


Do ġaḃ aiṫreaċus an TIĠEARNA nimeso: Ní ḃiáiḋ, a deir an TIĠEARNA.


Do ġaḃ aíṫreaċus an TIĠEARNA uimeso: ní ḃiáiḋ so, a deir an Tiġearna DIA.


Agus cred naċ ccoigeoluinnsi Nineḃeh, an ċaṫair ṁór sin, iona ḃfuil ní sa ṁó ná sé fiṫċid míle pearsa naċ eidírḋealuiġionn eider a láiṁ ḋeis agus a láiṁ ċlé; agus fós iomad áirnéise?


Agus do ġuiḋ sé ċum an TIĠEARNA, agus a duḃairt sé, Guiḋim ṫú, a ṪIĠEARNA, naċ ar ḃé so mo ráḋsa, an tan do ḃaḋas fos ann mo ṫír? Uimesin do ṫeiṫ mé roiṁe go Tarsis: óir do ḃi a ḟios agam gur Día grásaṁuil ṫusa, agus trocaireaċ, mall ċum feirge, agus mórċinéulta, agus go mbí aiṫreaċus uilc ort.


Eireóċaid luċd Niníḃe a mbreiṫeaṁnus maille ris an gcineaḋso, agus dainmeóċaid é: oír do rinneadarsan aiṫriġe ag seanmóir Iónas; agus, féuċ, atá duine as mó ná Iónas ann so.


Agus deiriġ sé, agus do ċuáiḋ sé dionnsuiġe a aṫaar. Agus ar mbeiṫ fós a gcíanúaḋ ḋó do ċonnaire a aṫair é, agus do ġaḃ truáiġe ṁór ḋó é, agus ag riṫ ḋó, do ċrom sé fá na ḃráġuid, agus do ṗóg sé é.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ