¶ Annsin déirġeadar na sagairt, agus na Leḃitiġ agus do ḃeannuiġeadar an pobal: agus do héisdeaḋ a nguṫ, agus ṫáinic a nguiḋe dá áit ċoṁnuiġ náoṁṫasan, eaḋón go flaiṫeaṁnus.
Cred fa tteilgeann tú ṫú féin síos, ó manam? agus cred fa ḃfuil tú buáiḋearṫa ionnam? cuir do ḋóiġ a Ndía: óir molfa mé fós é, sláinte maiġṫe, agus mo Ḋía.
Cred fa tteilgionn tú ṫú féin síos, ó manam? agus cred fa ḃfuil tú buáiḋearṫa ionnam? cuir do ḋóiġ a Ndía: óir molfad é fós, sláinte maiġṫe, agus mo Ḋía.
Is beannuiġe an té ṫoġas tú, agus do ḃeirir a ngar, do ḋéana sé coṁnuiġe ann do ċuirtiḃ: saiseoċṫar sinne re neiṫiḃ maiṫe do ṫiġe, do ṫeampuill náoṁṫa.
Féuċ, arson síoḋċana fuáir mé searḃus mór: aċt ar ġráḋ manma do ṡáor tusa é ó ṗoll an truáilliġṫe: óir ro ṫeilgis mo ṗeacuiḋe uile táoḃ ṡíor dot ḋruim.
¶ Cía atá ḃur measg air a ḃfuil eagla an TIĠEARNA, uṁluiġios do ġuṫ a ṡeirḃísiġ, ṡiuḃluiġios a ndorċadus, agus ag naċ ḃfuil solus ar biṫ? cuireaḋ sé a ḋóiġ a nainm an TIĠEARNA, agus seasaḋ sé ar Ḋía.
¶ Eistiġ, a ṗobal uile; cluin, a ṫaluiṁ, a nuile ní dá ḃfuil ann: agus bíoḋ an Tiġearna DIA na ḟíaḋnuise ḃur naġaiḋsi, an Tiġearna ó na ṫeampall náoṁṫa.
Oír smuáiniġ riḃ féin ar an tí úd do ḟulaing a ṡaṁuil sin do ċaint do ċurn a aguiḋ féin ó ṗeacaċuiḃ, deagla ḋul a dtuirse agus a nanḃfainne ḋiḃ ann ḃur ninntinniḃ.
Agus do ḃí Dáiḃi lán do ḋóbrón; óir do luáiġeadar na daoine gaḃáil do ċloċuiḃ air, do ḃríġ go raiḃ ínntinn na ndaóine uile doilġiosaċ, gaċ eanduine ar son a ṁac agus ar son a inġean: aċ do ġaḃ Dáiḃi meisneaċ ċuige féin ann a ṪIĠEARNA Día.