Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Jonah 2:6 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Do ċuáiḋ mé síos go híoċtar na sléiḃteaḋ; do ḃí an talaṁ go na ḃarraḋuiḃ am ṫimċioll go bráṫ: giḋeaḋ ṫug tusa manam súas ó ṫruailleaḋ, a ṪIĠEARNA mo Ḋía.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Jonah 2:6
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin tá sé grásaṁuil dó, agus a deir sé, Sáor é ar ḋul síos annsa ṗoll: fuáir misi fúasglaḋ as.


Sáorfuiḋ sé a anum ar ḋul annsa ṗoll, agus do ċífiḋ a anum an solus.


Ris a nduḃaigeán mar ḃrát dfoluiġ tú é: ós cionn na slíaḃ do ṡeasadar na huisgeaḋa.


Tíaġaid na sléiḃte súas; tigid na gleanta a núas ċum a nionaid dórduiġ tusa ḋóiḃ.


Do íaḋadar doilġiosa an ḃáis am ṫimċioll, agus fúaradar fórluinn ifrinn mé: aṁgar agus doḃrón do fuáir mé.


Déan deiṫnios, cluin mé, a ṪIĠEARNA: atá mo spiorad ag meirtniuġ: ná foluiġ haġaiḋ uáim, deagla go mbéinn cosṁuil ris an ndroing noċ ṫéid síos annsa log.


Oír ní ḟágfa tú manam a nifrionn; ní mó ḟuileongṫair truáilliuġaḋ dfaicsin dot Aon Naoṁṫa féin.


Do ṫimċiolladar doilġiosa ifrinn fa ccuáirt mé: do cuireaḋ líonta an ḃáis as mo ċoinne.


O a ṪIĠEARNA, do ṫóig tú manam súas as ifrionn: do ċoiṁéad tú béo mé, go naċ raċfuinn síos don núaṁaiḋ.


Cred é an tarḃa atá an mfuil, a nuáir raċad síos san núaṁaiḋ? An molfuiḋ an luaiṫreaḋ ṫú? an ḃfoillseoċuiḋ sé ṫfírinne?


Aċa tusa, a Ḋé, ḃéaras síos íad go poll an ḃáis: ní ṁairfid daoine fuilteaċa agus cealgaċa leiṫ a láeṫeaḋ; Aċt biáiḋ mo ḋóiġse ionnadsa.


Noċ ḋiongṁalas na sléiḃte re na neart; agus é ar na ṫimċiolluġaḋ ré cuṁaċta:


Do sluigeaḋ mé a lábán roḋoṁuin, mar naċ ḃfuil ionad seasta: ṫáinig mé go doiṁne na nuisgeaḋ, agus tá an sruṫ ag dul ṫorum.


A duḃairt misi a ngearraḋ mo laéṫeaḋ, Raċaiḋ mé go geataḋuiḃ na huáiġe: do beanaḋ an ċuid oile dom ḃlíaḋnuiḃ ḋíom.


Féuċ, arson síoḋċana fuáir mé searḃus mór: aċt ar ġráḋ manma do ṡáor tusa é ó ṗoll an truáilliġṫe: óir ro ṫeilgis mo ṗeacuiḋe uile táoḃ ṡíor dot ḋruim.


¶ Cía ṫoṁais na huisgeaḋa a cclár a ḋéarnainne, agus do ḋíriġ amaċ neaṁ lé réis, do ċruinniḋ luáiṫreaḋ na talṁan a miosur, agus do ċoṁṫromuiġ na sléiḃte a gcoṁṫrom, agus na cnoic a sgála?


An tan do ḃéara mé síos ṫú maille ris an ndroing ṫéid san log, lé daóiniḃ na seanaímsire, agus ṡuiḋeoċas mé ṫú a náitiḃ íoċtaraċa na talṁan, a náitiḃ uáigneaċa ó a nallod, maille ris an ndruing ṫéid síos san ṗoll, iondus naċ biáiḋ tú áitreaḃṫa; agus ṡuiḋeoċas mé glóir a ttír na mbeó;


Iondus naċ áirdeoċaḋ crann ar bioṫ do ċrannuiḃ na nuisgeaḋ íad féin ar son a náirde, naċ mó do ṫeilgfeidís súas a mullaċ a measc na mbeangán tiuġ, naċ mó ṡeasfuidís a ccrainn súas iona náirde, gaċ a niḃionn uisge: óir do seaċadaḋ uile ċum báis íad, do rannaiḃ íoċtair na talṁan, a lár ċloinne na ndaóine, maille ris an ndroing ṫéid sios annsa log.


Do ċoncadar na sléiḃte ṫú, agus do ċrioṫnuiġeadar; do ċuáiḋ tuile ḃárr a nuisge ṫairis: dfoillsiġ an taigéun a ġuṫ, agus do ṫóig a láṁa súas go hárd.


Do ṡeas sé, agus do ṫoṁais sé an talaṁ: dféuċ sé, agus do scáoil sé ó ċéile na cineaḋaċa; agus do spréiḋ sé na sleiḃte síoṫḃúana, do ċromadar na cnuic ṡíorruiḋe: atáid a ṡliġṫe gan ḟoirċeann.


Agus a deirimsi riot, Gur ab tusa Peadar, agus gur ab ar an gcarruicsi ṫóigeaḃus misi méagluis féin; agus naċ béaruid geatuiḋe ifeirn búaiḋ uirrṫe.


Oir do haḋnaḋ teine amḟeirg, agus loiscfiḋ go hifrionn ioċdraċ, loiscfiḋ an taluṁ gona ṫoraḋ, agus cuirfiḋ tré ṫeiniḋ bunáitiġ na sliaḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ