Agus marsin má ḟillid ċugadsa le na nuile croiḋe, agus le na nuile anam, a ttír a náṁad, noċ rug leó a láiṁ íad, agus go nguiḋfid ċugadsa a leiṫ ré na ndúiṫċe féin, noċ ṫug tú dá naiṫriḃ, ris an caṫruiġ do ṫoġ tú, agus ris an tiġ do ṫóg misi dot aínm:
Annsin géarrfa misi Israel amaċ as a ndúiṫċe noċ ṫug me ḋóiḃ; agus an tiġ so, do náoṁuiġ mé dom ainm, teilgfe mé as mo raḋarc é; agus biaiḋ Israel na ṡeanḟocal agus na ḟocal magaiḋ a measg a nuile ṗobal:
Má ḟillid síad ċugadsa maille re na nuile croiḋe agus le na nuile anum a ttír a ndaoirsine, áit a rugadar a láiṁ íad, agus go nguiḋfid leaṫ rís an ndúiṫċe, ṫug tú dá naiṫriḃ, agus leaṫ ris an ccaṫruiġ do ṫoġ tú, agus leaṫ ris an ttiġ do rinne misi dot ainm:
Féuċ, arson síoḋċana fuáir mé searḃus mór: aċt ar ġráḋ manma do ṡáor tusa é ó ṗoll an truáilliġṫe: óir ro ṫeilgis mo ṗeacuiḋe uile táoḃ ṡíor dot ḋruim.
Annsin a dúḃairt an TIĠEARNA riomsa, Gioḋ go seasfaḋ Maoise agus Samuel am ḟiaḋnuisi, ṫairis sin nior ḃféidir minntinn do ḃeiṫ leis an muinntirsi: teilg amaċ as mo raḋarc íad, agus éirġidís amaċ.
Annsin a dúḃairt sé riomsa, A ṁic an duine, isíad na cnáṁaso tiġ Israel go hiomlán: féuċ, a deirid síad, Do tiormuiġeaḋ ar ccnáṁa, agus do cailleaḋ ar ndóṫċus: air ar soinne do gearraḋ amaċ sinn.
¶ Anois an tan do ṫuig Dániel gur séulaḋ an scríḃinn, do ċuáiḋ sé ḋá ṫiġ; agus armbeiṫ da ḟuinneóig oscuilte iona ṡeomra leaṫ ré Ierusalem, do léig sé síos air a ġlúiniḃ é trí huáire san ló, agus do ġuiḋ sé, agus rug buiḋeaċus a ḃfíaġnuise a Ḋé, mar do níoḋ sé san naimsir roiṁe.