3 Oír do ṫeilg tú annsa naigéun mé, a lár na ḃfairgeaḋ; agus tangadar na tuilte am ṫimċioll: do ċúadar do ṫreaṫain agus do ṫonna ṫorum.
A nuair ṫangadar tonna an ḃáis am ṫimċioll, tuilte na ndaoine neiṁḋíaḋa do ċuireadar eagla orum;
Is ionṁuin liom an TIĠEARNA, do ḃríġ go ccluin sé mo ġuṫ ann maṫċuinġiḃ.
Do ḃríġ gur ċláon sé a éisdeaċd ċugam, ar anaḃarsin gairfe mé air ar feaḋ mo ḃeaṫa.
Do éiġ mé ċum an TIĠEARNA ann mo ḃuáiḋreaḋ, agus do ċúalaiḋ sé mé.
Goiriḋ an duḃaigéan ċum an duḃaigéin re guṫ do ḋuisioll uisgeaḋ: do ċúadar do ṫonna agus do ṫuile úile ṫoram.
Do ṫuiliġeadar uisgeaḋa ṫar mo ċeann; annsin a duḃairt mé, Do gearraḋ amaċ mé.
Do ġoir mé ar hainmsi, a ṪIĠEARNA, as an ccarcair íoċtaruiġ.