Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Jonah 2:2 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

2 Agus a duḃairt, Déiġ mé do ḃríġ maindeise ċum an TIĠEARNA, agus do ċúaluiḋ sé mé; as broinn na hdáiġe déiġ mé, agus do ċúala tú mo ġuṫ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Jonah 2:2
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a núair do ḃí sé a bpráiḋínn, do ġuiḋ se ċum a TIĠEARNA Día, agus duṁlaiḋ sé é féin go mór a laṫair Dé a aiṫreaḋ,


Do íaḋadar doilġiosa an ḃáis am ṫimċioll, agus fúaradar fórluinn ifrinn mé: aṁgar agus doḃrón do fuáir mé.


Do éiġ mé ċum an TIĠEARNA ann mo ḃuáiḋreaḋ, agus do ċúalaiḋ sé mé.


Oír ní ḟágfa tú manam a nifrionn; ní mó ḟuileongṫair truáilliuġaḋ dfaicsin dot Aon Naoṁṫa féin.


Oír níor ṫarcuisniġ agus níor ḟuáiṫiġ sé aindese an duine ḃoiċd; agus níor ḟoluiġ a aġuiḋ uaḋa; agus a nuáir do ġoir sé air, do ċaluáiḋ sé.


Do ġáir an duine boċtso, agus do ċúaluiḋ an TIĠEARNA é agus do ṡáor é ó na uile ḃuáiḋreaḋ.


Eisd riom a nuáir ġoirfead, ó a Ḋé mfíréantaċda: dfuáscuil tú mé an tan do ḃí mé a ccuṁgaċ; déan trócaire orum, agus éist murnaiġ.


O ṫéorannuiḃ na talṁan eiġfiod ċugadsa, a núair ḃíos mo ċroiḋe fa ṫuirse: tréoruiġ mé ċum na cairge is áirde na mé.


Ṫusa noċ éisdeas re húrnaiġ, ċugadsa ṫiucfas a nuile ḟeóil.


Oír is mór ṫrócaire orumsa: agus dfúascail tú manam ó ifrionn íoċdaraċ.


Do corruiġeaḋ ifrionn ṡíos ar do ṡonsa, do ṫeagṁáil riot a nuáir ṫiucfas tú: dúisgiḋ sé súas na mairḃ ḋuitsi, eaḋon uile ċeann feaḋna an doṁain; do ṫóg sé súas as a ccaṫaóiriḃ ríoġa uile ríġṫe na ccineaḋaċ.


Do ġoir mé ar hainmsi, a ṪIĠEARNA, as an ccarcair íoċtaruiġ.


An tan do ḃéara mé síos ṫú maille ris an ndroing ṫéid san log, lé daóiniḃ na seanaímsire, agus ṡuiḋeoċas mé ṫú a náitiḃ íoċtaraċa na talṁan, a náitiḃ uáigneaċa ó a nallod, maille ris an ndruing ṫéid síos san ṗoll, iondus naċ biáiḋ tú áitreaḃṫa; agus ṡuiḋeoċas mé glóir a ttír na mbeó;


Iondus naċ áirdeoċaḋ crann ar bioṫ do ċrannuiḃ na nuisgeaḋ íad féin ar son a náirde, naċ mó do ṫeilgfeidís súas a mullaċ a measc na mbeangán tiuġ, naċ mó ṡeasfuidís a ccrainn súas iona náirde, gaċ a niḃionn uisge: óir do seaċadaḋ uile ċum báis íad, do rannaiḃ íoċtair na talṁan, a lár ċloinne na ndaóine, maille ris an ndroing ṫéid sios annsa log.


Oír mar do ḃí Ionás a mbroinn an ṁíl ṁóir trí lá agus trí oiḋċe: is mar sin ḃías Mac an duine gcrioḋe na talṁan tri lá agus trí oiḋċe.


Oír giḋ bé iárras glacaiḋ sé; agus giḋ bé do ní lorgaireaċd do ġeiḃ sé; agus oísgéoltar don té ḃúaileas an doras.


Agus ar mbeiṫ a nanḃuain ṁóir ḋósan do rinne sé urnuiġe ní as díṫċiolluiġe: agus do ḃí a allas mar ḃráona mora fola ag tuitim ar talaṁ.


Ar a naḋḃar naċ ḃfúigfe tú manam a nifearn, agus ní ḟuileónga tú do Aón Náoṁṫa féin truáilliḋeaċd dfaicsin.


Noċ a laéṫiḃ a ḟeóla, do ḟoráil úrnuiġe agus guiḋe maille ré héiġṁe láidir agus ré déuruiḃ ar an tí agá raiḃ cúṁaċda a ṡáorṫa ó ḃás, agus do héisdeaḋ ris mar an gcéudna tré na ḋéaġḟaitċeas:


Ná meas do ḃanóglaċ do ḃeiṫ na hinġin Belial: óir is as iomad mo ġearáin agus mo ḋoilġis do laḃair mé go ttí so.


Agus do ḃí Dáiḃi lán do ḋóbrón; óir do luáiġeadar na daoine gaḃáil do ċloċuiḃ air, do ḃríġ go raiḃ ínntinn na ndaóine uile doilġiosaċ, gaċ eanduine ar son a ṁac agus ar son a inġean: aċ do ġaḃ Dáiḃi meisneaċ ċuige féin ann a ṪIĠEARNA Día.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ