Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Jonah 2:10 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

10 ¶ Agus do laḃair an TIĠEARNA ris a níasg, agus do sceiṫ sé Iónah amaċ air an ttalaṁ ttirim.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Jonah 2:10
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt Día, Tugaḋ an talaṁ féur, agus an luiḃ as a ttig síol, agus crann toraiḋ do ḃeir toraḋ do réir a ċinéil, a mbí a ṡíol ann féin ar an ttalaṁ; agus do ḃí mar sin.


Agus a duḃairt Día, Bíoḋ loċrainn a ḃfiormament neiṁe do roinn eidir an lá agus a noiḋċe; agus bídís ar son ċoṁarṫaiḃ, agus ar son aimsearuiḃ, agus ar son laiṫiḃ, agus bliaġnuiḃ:


Agus a duḃairt Dia, Bíoḋ solus ann: agus do ḃí an solus ann.


Agus do rinne Día an ḟiormament, agus do roinn na huisgeaḋa faói an ḃfiormament ó na huisgeaḋuiḃ ós cionn na fiormamente: agus do ḃí mar sin.


Agus a duḃairt Día, Cruinniġṫear na huisgeaḋa atá fáoi neaṁ a néunáit, agus léigṫear an úir tirm leis: agus do ḃí mar sin.


Do laḃair sé, agus ṫainic cumasg do ċuiléoguiḃ, míola iona ttéorannuiḃ uile.


Do laḃair sé, agus ṫáinic an lócuist, agus an caterpiller, agus níor ḃféidir a náirioṁ,


Iosaid na daoine macanta agus biáid sásta: molfuid an TIĠEARNA an luċd íarrus é: mairfiḋ ḃur ccroiḋe go bráṫ.


Oír do laḃair sé, agus do rinneaḋ aṁluiḋ; do aiṫin sé, agus do cruṫuiġeaḋ é.


Do ḃí an TIĠEARNA ullaṁ ċum mo ṡáorṫa: uimesin canfam ar ccaintice uile láeṫe ar mbeaṫa a ttiġ an TIĠEARNA.


Is misi, misi féin, an TIĠEARNA; agus táoḃ amuiġ ḋiomsa ní ḃfuil áon slánaiġṫeoir ann.


Uimesin, a nuáir ṫáinic misi, an raiḃ neaċ ar biṫ? a nuáir do ġoir mé, an raiḃ aoinneaċ do ḟreagoraḋ? Nar giorruiġeaḋ mo láṁ ar áonċor, go naċ ḃféadann fúasglaḋ? nó naċ ḃfuil cuṁaċd ar biṫ sáorṫa agamsa? féuċ, lém aċṁusán tiormuiġim súas a nfairge, do ním na sroṫa na ḃfásaċ: bréanuiḋ a níasc, do ḋíṫ uisge, agus éaguid do ṫart.


¶ Ṫairis sin is misi an TIĠEARNA do Ḋía ó ċríċ na Hégipte, agus ní ḃiáiḋ fios día ar biṫ agad aċt misi: óir ni ḃfuil slanaiġṫeoir táoḃ amuiġ ḋíomsa.


Ní ċáoṁnoċaiḋ Assur sinn; ní ḋéanam marcuiġeaċt air eaċaiḃ: ní mó a déaram ní is mó le hobair ar láṁ, Is siḃsi ar ndéne: óir is ionnadsa do ġeiḃ an dílleaċda trócaire.


Anois dórduiġ an TIĠEARNA íasg mór Iónah do ṡlugaḋ súas. Agus do ḃí Iónah a mḃroinn a néisg trí lá, agus trí hoiḋċe.


Agus ṫáinic briaṫar an TIĠEARNA go Iónah an dara huáir, ag ráḋ,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ