Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




Jonah 1:9 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Agus a duḃairt seision ríu, Eaḃraḋaċ mé; agus atá eagla an TIĠEARNA, Día neiṁe orum, noċ do rinne a nfairge agus an talaṁ tirim.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




Jonah 1:9
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do ġoir Día don úir ṫirm talaṁ, agus do ċruinniġṫiḃ na nuisgeaḋ do ġoir sé fairge; agus do ċonnairc Día gur ṁaiṫ sin.


Agus táinig áon do ċuáiḋ as, águs dinnis do Abram an teaḃruiḋeaċ; óir do áitriḃ sé a réiteaċ Ṁamre, an Tamoriteaċ, dearḃraṫair Escoil, agus dearḃraṫair Aner: agus do ḃádur so a ccoṁċeangal re Abram.


An TIĠEARNA Día niṁe, noċ tug misi ó ṫiġ maṫar agus ó ḋúṫuiġe mo ċiniḋ, agus noċ do laḃair rium, agus tug a ṁionna ḋaṁ ag ráḋ, Dod ṡíol do ḃeura mé an dúṫaiġsi; cuirfiḋ sé a aingeal roṁad, agus do ḃéura tú bean dom ṁac as sin.


Gur ġoir sí ar ṁuinntir an tiġe, agus do laḃair sí ríu, agus do ráiḋ, Feuċuiḋ, tug sé Eaḃruiġeaċ a steaċ do ṁagaḋ orúinn: táinic sé a steaċ ċugamsa do luiġe liom, agus do ġoir misi na ċoṁáirc go hárd.


Agus is aṁluiḋ ḃí a ttosaċ a ccoṁnuiġe annsin, naċ raiḃ eagla an TIĠEARNA orra: uimesin do ċuir an TIĠEARNA leoṁuin na measg, noċ do ṁarḃ cuid dióḃ.


Ann sin ṫáinic áon do na sagartaiḃ do rugadar léo as Samáriá agus do rinne sé coṁnuiḋe a Mbétel, agus dó ṁúin dóiḃ cionnus do ḃeiṫ eagla an TIĠEARNA orra.


Is marso a deir Círus ríġ na Persia, Ṫug an TIĠEARNA Día niṁe ḋaṁsa uile rioġaċta na talṁan; agus do ċur sé do ċúram orm tiġ do ḋéanaṁ ḋó ann Ierusalem, noċ atá an Iúdah.


Agus is marso do ḟreagradar sinn, ġa raḋ, Is sinne serḃísiġ Dé niṁe agus talṁan, agus atámuid ag cur súas an tiġe do rinneaḋ mórán bliaḋan ó ṡin, noċ do rinne ríġ mór Disrael agus do ċúir súas é.


Agus tárla, an tan do ċúala misi na bríaṫraso, gur ṡuiġ mé síos, agus gur ġuil mé, agus go ndéarna me doilġios laéṫe áiriġ, agus gur ṫroisg mé, agus gur ġuiḋ mé a ḃfiaḋnuise Dé neiṁe,


Annsin a duḃairt an ríġ riomsa, Cred é an ní atá tusa díarruiḋ? mar sin do ġuiḋ misi ċum Dé neiṁe.


Tusa, eaḋon tusa aṁáin, as TIĠEARNA ann; is tú do rinne neaṁ, flaiṫeas na ḃflaiṫeas, maille re na slúaġ uile, an taluṁ, agus na huile neiṫe dá ḃfuil ann, na fairgeaġḋa agus a nuile ní dá ḃfuil ionta, agus cuṁduiġiḋ tusa íad uile, agus aḋruiḋ sluaġ niṁe ṫu.


Annsin do ḟreagair Sátan don TIĠEARNA, agus a duḃairt, An gan aḋḃar atá eagla Dé air Iób?


Moluiḋ Día niṁe: óir mairiġ a ṫrócaire ċoiḋċe.


Agus do laḃair ríġ na Hégipte ré mnáiḃ tuismiġe na Neaḃruiḋeaċ (bean aca dar ḃamm Siṗrah, agus ainm an dara mná Puah.)


Agus a nuáir do ċuáiḋ sé amaċ an dara lá, féuċ, do ḃádur días do na Heaḃruiḋiḃ ag troid: agus a duḃairt seision ris an té do rinne a néaccóir, Créad fá mbuaileann tú do ċompanaċ?


Agus a láeṫiḃ na ríoġ so cuirfiḋ Día neiṁe rioġaċd súas, naċ scriosfuiġear go bráṫ: agus ní fúigfiġear an rioġaċd ag daóiniḃ oile, aċd brisfiḋ sí iona codċuiḃ agus díbeoruiḋ na rioġaċda uile, agus seasfuiḋ sí go braṫ.


Na ḋiáiġ sin fillfid clann Israel, agus íarrfuid an TIĠEARNA a Ndía, agus Dáiḃi a ríġ; agus biáiḋ eagla an TIĠEARNA orra, agus a mbaiṫeasa annsna laéṫiḃ deiġionaċa.


Agus ag ráḋ, A ḋáoine, créud fá a ndéantáoi na neiṫese? Oir is dáoine sinnse féin, cosṁail a ḃfulangṫaiḃ riḃse, ag soisgéuluġaḋ ḋíḃ fileaḋ ó na neiṫiḃ dioṁáoineaċsa ċum Dé ḃí, noċ rínne neaṁ, agus talaṁ, agus a nfáirge, agus na huile neiṫe atá ionnta:


Oír do ṡeas aingeal Dé lér ab rís misi, agus dá ndéunuim serḃís, sa noiḋċe a noċd láiṁ rium,


Ar mbeiṫ ḋaṁ timċillġearrṫa an toċdṁaḋ lá, do ċineaḋ Isráel, do ṫreiḃ Ḃeniamin, am Eaḃraiḋe do na Heaḃruiġiḃ, am Ḟairísineaċ, do réir an reaċda;


Agus ar a nuáirsin féin do ḃí críoṫ mór talṁan ann, agus do ṫuit an deaċṁaḋ cuid don ċaṫruiġ, agus do marḃaḋ seaċd míle pearsa ris an gcríṫ talṁan sin: agus do ġaḃ eagla an ċuid eile, agus tugadar glóir do Ḋía neiṁe.


Cía air naċ biáiḋ eagla róṁad, a Ṫíġearna, agus naċ dtiuḃraḋ glóir dod ainm? Óir as tú táonar atá naoṁṫa: óir tiucfuid na huile ċineaḋaċa agus sléuċdfuid ad fíaḋnuise; óir atáid do ḃreiṫeaṁnuis ar na ḃfoillsiuġaḋ.


Agus do ṁasluiġeadar Día neiṁe tré iomad a ndoilġeasa agus a neasgoideaḋ, agus ní ḋearnadar aiṫriġe ar son a noibreaċa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ