Agus do ṡín Maóise a ṡlat amaċ ós cionn ċríċe na Hégipte, agus tug an TIĠEARNA gáoṫ a noir ar an ttalaṁ, feaḋ an láoi sin uile, agus ar feaḋ na hoiḋċe sin uile; agus íar dteaċd na maidne, tug an ġáoṫ a noir lócuistiġ.
Agus do iompóiḋ an TIĠEARNA gáoṫ ro láidir a níar, noċ rug lé na locuistiġ, agus do ṫeilg san ṁuir ruáiḋ íad: nior ḟan éanlócust aṁáin a gcríċ na Hégipte uíle.
Agus do ṡin Maóise a láṁ amaċ ós cionn na fairge; agus tug an TIĠEARNA ar an ḃfairge dul (ar a hais) lé gáoiṫ láidir a noir, ar feaḋ na hoiḋċe sin agus do rinne a nfairge na talaṁ ṫirim agus do roinneaḋ na huisgiḋe.
An tan léigios sé amaċ a ġúṫ, bíd iomad uisceaḋ annsna neaṁuiḃ; agus do ḃeir sé ar na deaṫuiġiḃ dul súas ó imliḃ na talṁan: do ní sé tinnteaċ maille re fearṫuinn, agus do ḃeir sé amaċ a ġáoṫa as a stórúsaiḃ.
Oír, féuċ, na té ċumas na sléiḃte, agus ċruṫuiġios an ġáoṫ, agus ḟoillsiġios don duine cred is sinúaineaṁ ḋó, do ní dorċadas don ṁaidin, agus ṡaltras a náitiḃ árda na talṁan, isé a ainm, An TIĠEARNA, Día na slóġ.
¶ Agus do ċúaiḋ gáoṫ amaċ ón TTIĠEARNA, agus tug gearraguirt ón ḃfairge, agus léig síos láiṁ ris an ccampa íad, mar do ḃeiṫ sé uiḋe láoi don táoiḃse, agus niḋe láoi don táoiḃ eile fá gcuairt timċioll an ċampa, agus timċioll ḋá ċuḃád dáirde ar gnúis na talṁun.