Aċt do ḃí fáiġ don TIĠEARNA ann sin, dar ḃainm Oded: agus do ċúaiḋ sé amaċ a ccoinne an tslóiġ ṫáinic go Samária, agus a duḃairt sé riú, Féuċuiḋ, do ḃríġ go raiḃ an TIĠEARNA Día ḃur naiṫreaḋ feargaċ re Iúdah, ṫug sé ion ḃur láiṁse íad, agus do ṁarḃaḃair íad a ndíḃḟeirg roiṫċios súas go neaṁ.
Agus a duḃairt mé, O mo Ḋía, atá náire orum agus do ḋearg mé tré maġuiḋ do ṫógḃáil súas ċugadsa, mo Ḋía: óir dfásadar ar bpeacuiḋ ós ar cceann, agus dfásadar ar ccionta súas go neaṁ.
Ann sin a duḃairt mé, Ní ṫiucfa mé ṫairis, agus ni laiḃéora mé ní sá ṁó iona ainm. Aċt do ḃí a ḟocal am ċroiḋe aṁuil teine loisgneaċ íaḋta súas am ċnáṁuiḃ, agus do ḃí mé coirṫe le hiomċar, agus níor ḟéud mé fuireaċ.
Agus cred naċ ccoigeoluinnsi Nineḃeh, an ċaṫair ṁór sin, iona ḃfuil ní sa ṁó ná sé fiṫċid míle pearsa naċ eidírḋealuiġionn eider a láiṁ ḋeis agus a láiṁ ċlé; agus fós iomad áirnéise?
¶ Aċt go deiṁin atáim lán do ċuṁaċtaiḃ maille ré spiorad an TIĠEARNA, agus do ḃreiṫeaṁnus, agus do ċumas, do ṫaisbeanaḋ a ṡáruiġṫe do Iácob, agus do Israel a ṗeacaḋ.
Eiréoċaiḋ luċd Nineḃeh a mbréiṫeaṁnus leis an ngeinealaċso, agus daimneoċaid síad é: óir do rinneadarsan aiṫriġ ag seanmoir Iónas; agus, féuċ, a tá neaċ is mó ná Iónas ann so.
Féuċ, atá túarásdal an luċ oibre do ḃean ḃur nguirt, do ċunnaiṁ siḃ úaṫa tre hengcóir, ag éiġṁe: agus do ċuádar éiġṁe an luċd búana a steaċ a gclúasaiḃ Tíġearna na slóġ.