A nuáir do ḃeir sé suáiṁnios úaḋ, cía ḟéadas annsin buaiḋreaḋ do ḋéanaṁ? a núair ḟolċus sé a aġaiḋ, annsin cía ḟéadas aṁarc air? más a naġaiḋ ciniḋ é, nó a naġaiḋ éanduine aṁáin:
Agus a duḃairt seision ríu, Tógḃuiḋ súas mé, agus teilgiḋ amaċ san ḃfairge mé; mairsin biáiḋ a nfairge ciúin aguiḃ: óir atá a ḟios agum gurob air mo ṡon féin atá an tanfa mórso oruiḃ.
Uimesin déiġeadar air an TTIĠEARNA, agus a duḃradar, Iarrmaoid daṫċuinge ort, A ṪIĠEARNA, íarrmaoid ort, ná scriostar sinn ar son ḃeaṫa an té so, agus ná léig fuil neiṁċiontaċ oruinne: óir do rinne tusa, a ṪIĠEARNA, aṁuil fa toil leat féin.