Annsin do ḃádar na daóine eaglaċ go hanṁór, agus a duḃradar ris, Cred um a ndéarna tusa so? (óir do ṫuigiodar na daoine gur ṫeiṫ sé roiṁe ġnúis an TIĠEARNA, do ḃríġ gur innis sé féin dóiḃ é.)
Agus a duḃairt seision ríu, Tógḃuiḋ súas mé, agus teilgiḋ amaċ san ḃfairge mé; mairsin biáiḋ a nfairge ciúin aguiḃ: óir atá a ḟios agum gurob air mo ṡon féin atá an tanfa mórso oruiḃ.