5 Agus a nuair ṫangadar go tír Ṡuṗ, a duḃairt Saul re na óglaċ do ḃí na ḟoċair, Gluáis, agus filliom; deagla go léigfeaḋ maṫair cúram na nassal de, agus go mbíaḋ cúramaċ dar ttaóiḃne.
Ar a naḋḃarsin a deirimsi riḃ, Na biḋiḋ lán do ċúram a ttimċeall ḃur mbeaṫa, créud íosdáoi, nó ioḃṫáoi; na a ttimċeall ḃur gcuirp, creúd ċuirfi umaiḃ. A né naċ mó an tanam na an bíaḋ, agus an corp ná an téudaċ?
Agus an tan do ḃéaruíd síad siḃ ċum na sinagóig, agus na núaċdarán, agus na ndáoine gcuṁaċdaċ, na bíoḋ ná ro ċúram oraiḃ cionnas no créd ḟreagórṫáoi, nó créd a déarṫáoi:
A nuáir imṫeoċus tú uaimsi a niuġ, an sin do ġeaḃa tú días fear ag úaiġe Ráċel a mbrúaċ Ḃeniamin a Selsah; agus déaruíd siad riot, Na hassuil a ndeaċaiḋ tú dá níarruiḋ do fríṫ íad: agus, féaċ, do ċuir haṫair na hassail a neiṁḃríġ, agus ata doilġiosaċ umaiḃsi, ġa ráḋ, Cred ḋeanas mé fam ṁac?