¶ Agus tárla a naimsir an traṫnoná, gur éiriġ Dáiḃi as a leabuiḋ, agus go raiḃ ag spaisdeóraċd an úaċdar ṫiġe an ríġ: agus ó ṁullaċ an tiġe do ċonairc sé bean ḋá niġe féin; agus do ḃí an ḃean roscíaṁaċ re féaċuinn uirre.
¶ Marsin do ċuáiḋ an pobal amaċ, agus ṫugadar léo íad, agus do rinneadar boṫa ḋóiḃ féin, gaċ áon ar ṁullaċ a ṫiġe féin, agus iona ccúirtiḃ, agus a ccúirtiḃ ṫiġe Dé, agus a sráid ġeata a nuisge, agus a sráid ġeata Eṗraim.
Agus sáileoċṫar tiġṫe Ierusalem, agus tiġṫe ríġṫe Iúdah, mar áit Ṫoṗet, ar son na nuile ṫeaġ dar loisgeadar túis ar a mullaċuiḃ do ṡluáġ neiṁe uile, agus ar ḋóirteadar amaċ ofrála diġe do ḋéeiḃ oile.
Agus an tráṫ naċ ḃfuaradar cáoi ar a ṫaḃairt a sdeaċ tré ṁéud ná cuideaċda, do ċúadar súas ar a tiġ, agus do léigeadar é féin, agus a leabuiḋ sios tríd an slinnteaċ ar lár, a ḃfíaġnuisi Iósa.
Agus do éirġeadar go moċ: agus tárla ré héirġe an láoi, gur ġoir Sámuel Saul go mullaċ an tiġe, ġa ráḋ, Eiriġ súas, go gcuire mé ar siuḃal ṫú. Agus deíriġ Saul, agus do ċuádar araon amaċ, eision agus Samuel, as sin.