22 Agus do ġlac Samuel Saul, agus a ṡearḃḟoġantuiġ, agus rug leis don ṗárlús íad, agus ṫug orra suiḋe ann sa náit buḋ onóruiġ a measg luċda an ċuiriḋ, noċ do ḃí tímċioll ṫríoċad fear.
Agus do ċuiredar ní rompa ḋósan leis féin, agus dóiḃsion leó féin, agus do na Hégiptiḃ, a duáiġ na ḟoċair, leó féin: do ċionn nar ḃféidir do na Hégiptiḃ arán diṫe leis na Heaḃruiġiḃ; óir is morġráin sin ag na Hégiptiḃ.
Aċd an tan ġoirfiḋṫear ṫú, imṫiġ agus suiḋ ann sá nionad is ísle; ionnus an tan ṫiocfas an tí ṫug cuireaḋ ó ḋuit, go naibeóraḋ sé riot, A ċara, suiḋ ní áirde suás ná sin: Ann sin do ġeaḃa tú onóir a ḃfiaḋnuisi a mbiá na suiḋe maile riot.
Agus do ḟreagair Saul agus a duḃairt, Naċ Beniamíteaċ misi, is luġa do ṫreaḃuiḃ Israel? agus naċ íad mo ṁuinntir is roluġa do ṁuinntearuiḃ ṫreiḃe Beniamin uile? uime sín cred fá laḃrann tú marsin riom?