2 Agus do ḃí mac aige, dar ḃainim Sául, toġa duine óig, agus dearcnuiġ; agus ní raiḃ a measc ċloinne Israel pearsa dob arraċda ná é: ó na ġuáilliḃ súas dob áirde é ná éainḟear don ṗobal.
¶ Is marso a deir an TIĠEARNA, Ná deanaḋ an duine glic glóir as a ġliocus féin, agus ná glóruiġeaḋ an duine láidir as a ċuṁaċduiḃ, ná glóruiġeaḋ an duine saiḋḃir as a ṡaiḋḃrios:
Agus do ċoncamar annsin aiṫiġ, mic Anac, a ṫig úaṫ na faṫiġiḃ: agus du ḃámairne ann ar raḋarc féin mar ḋreóllánuiḃ teasbuiḋ, agus do ḃámar ann a raḋarcsion fós mar án gcéadna.
A nuáir ṫug sé air ṫreiḃ Ḃeniamin teaċd a ḃfogus do réir a muinntear, do glacaḋ muinntir Ṁátri, agus na ḋiáiġ sin do glacaḋ Saul ṁac Cis: agus a nuáir do íarradar é, níor fríṫ é.
Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Samuel, Ná féaċ ar a ġnúis, no ar áirde a ṗearsann; do ċionn gur ḋíult misi é: óir ní ḟaiceann an TIĠEARNA mar do ċí duine; óir do ċí an duine an ní ḃías a ḃfiaġnuise a ṡúl, aċd do ċí an TIĠEARNA an croiḋe.
Agus do ċúadar assuil Ċis aṫair Ṡauil a muġa. Agus a duḃairt Cis re Saul a ṁac, Beir leaċd anois duine do na searḃḟoġantaiḃ, agus éiriġ, Imṫiġ díarruiġ na nassal.