Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 9:16 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 A máraċ timċioll na húairesi cuirfe mé duine ċugad as tír Ḃeniamin, agus ungfuiḋ tú é ċum ḃeiṫ na ċaiptín ós cionn mo ṗobail Israel, go sáorfa sé mo ṗobal ó láiṁ na Ḃṗilístineaċ: óir dféaċ mé air mo ṗobal, do ċionn go ttáinic a ccoṁairc ċugam.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 9:16
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Anois ċeana déanuiḋ é: óir do laḃair an TIĠEARNA, a ttáoḃ Ḋáiḃi, ḋa ráḋ, Le láiṁ mo ṡearḃḟoġantuiġ Dáiḃi ṫárṫoċus misi mo ṗobal Israel as láiṁ na Ḃṗilistíneaċ, agus as láiṁ a náṁad uile.


Fill á rís, agus innis do Heseciah caiptín mo ṗobail, Is marso a deir an TIĠEARNA, Díahaṫar Dáiḃi, Do ċuála mé hurnaiġ, agus do ċonnairc mé do ḋéora: féuċ, sláineoċuiḋ mé ṫu: ar an treas lá raċá tú súas go tiġ an TIĠEARNA.


A ṪIĠEARNA, cluinn murnaiġ, agus tigeaḋ mo ċoṁairc ċugadsa.


Aċt giḋeaḋ do ċonnairc sé an tan do ḃíoḋ anacair orra, a nuáir do ċúalaiḋ sé a néiġṁe:


Féuċ ar manacra agus air mo ṗéin; agus maiṫ mo ṗeacuiḋe uile ḋaṁ.


Ise croiḋe an duine ṫríallus a ṡliġe: aċt ísé an TIĠEARNA ḋíriġios a ċéime.


Marsin ṫáinic Hanameel mac dearḃraṫar mo aṫar ċugamsa a ccúirt an ṗríosúin do réir ḃréiṫre an TIĠEARNA, agus a dúḃairt sé riom, Guiḋim ṫú, ceannaiġ mo ṁaċaire, noċ atá ann Anatot, noċ atá á ttír Ḃeniamin: óir is leaċd ceart a oiġreaċta, agus is leaċd a ḟuasclaḋ; ceannuiġ ḋuit féin é. Annsin daiṫin mé gur bí sin bríaṫar an TIĠEARNA.


An sin do ġlac Samuel soiṫeaċ ola, agus do ḋóirt air a ċeann é, agus do ṗóg é, agus a duḃairt, Naċ uime dungaiḋ an TIĠEARNA ṫu ċum ḃeiṫ ad ċaiptín ós cionn a oiġreaċda?


Agus do ċruinniġ Saul agus a raiḃ do ḋaóiniḃ na ḟoċair íad féin, agus tangadar ċum an ċaṫa: agus féaċ do ḃí cloiḋeaṁ gaċ éanduine a naġaiḋ a ċompánuiġ, agus do ḃí dioġḃáil roṁór ann.


Mar sin do ṡáor Día Israel an lá sin: agus do ċuáiḋ an troid anonn go Bet‐aḃen.


Agus a duḃairt Samuel fós ré Saul, Do ċuir an TIĠEARNA misi dot ungaḋsa dot ḃeiṫ ad ríġ ós ċionn a ṗobail, ós cíonn Israel: anois ar a naḋḃarsin taḃairsi haire dfuaim briaṫar an TIĠEARNA.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Samuel, Gá fad ḃías tú ag dó ḃrón tre Ṡaul, ó ċuir misi ar gcúl é ó ḃeiṫ na ríġ ós cionn Israel? líon haḋarc dola, agus imṫiġ, cuirfiḋ misi ṫú ċum Iesse an Betlehemíteaċ: do ṫoġ mé ríġ ḋaṁ féin a measc a ṁac.


Agus goir Iesse ċum na híoḋbarṫa, agus taisbéanfuiḋ misi ḋuit créd ḋéanas tú, agus ungfaiḋ tú ḋaṁsa an té ainmneoċus mé ḋúit.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ