Oír do ḋearḃ misi go dúṫraċdaċ dá ḃur naiṫriḃ annsa ló a ttug mé aníos íad as críċ na Hégipte, go nuige an lósa, ag éirġe go moċ agus ag mionnuġaḋ, ġa ráḋ, Uṁluiġiḋ dom ġúṫ.
An tan a déara misi ris an cciontaċ, Do ġeaḃa tú go deiṁin bás; agus naċ ttiuḃra tusa raḃaḋ ḋó, agus naċ laiḃeora tú do ṫaḃairt raḃaiḋ don ċiontaċ fá na droiċṡliġe, do ṡáḃáil a ánma; éugfuiḋ an droċḋuine sin iona éigceart féin; aċt íarrfa misi a ḟuil as do láiṁsi.
Tuilleaṁ oile ní ḃeanfa an prionnsa cuid doiġreaċt na ndaóine ḋioḃ re héigion, da ndibirt amaċ as a seilḃ; aċt do ḃéara sé oiġreaċt dá mbacaiḃ as a ṡeilḃ féin: ionnus naċ dioṫsgaoiltear mo ṗobal gaċ áoaduine as a ṡeilḃ féin.
Ann sin do ṫaisbein Samuel don ṗobal moḋ na rioġaċda, agus do scríoḃ a leaḃar é, agus do ċuir a ḃfíaḋnuise an TIĠEARNA é. Agus do ċuir Samuel an pobal uile ar siuḃal, gaċ éinneaċ ḋá ṫiġ féin.
Agus do ḃí cogaḋ crúaiḋ a naġaiḋ na Ḃṗilistineaċ an fad do ṁair Saul: agus a nuair do ċíoḋ Saul duine láidir ar biṫ, nó duine curata, do ḃeireaḋ ċuige é.
Agus do bé gnáṫ na sagart ris an pobal, a nuáir do ofrálaḋ duine ar biṫ íoḋbuirt, do ṫigeaḋ óglaċ an tsagairt, a nuáir do ḃíoḋ a nfeóil dá bruiṫ, agus aḋal ṫrí mbeangán ann a láiṁ;
Do réir a nuile oibreaċ dá ndéarnadar ón ló fá ttug misi súas as an Négípt íad gus an lá a niuġ, ler ṫréigeadar misi, agus le ndéarnadar seirḃís do ḋeeiḃ oile, is mar sin fós do níd riotsa.