Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 8:8 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

8 Do réir a nuile oibreaċ dá ndéarnadar ón ló fá ttug misi súas as an Négípt íad gus an lá a niuġ, ler ṫréigeadar misi, agus le ndéarnadar seirḃís do ḋeeiḃ oile, is mar sin fós do níd riotsa.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 8:8
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus gan a ḃeiṫ mar a naiṫre, ginealaċ neiṁċeannsuiġ agus easuṁal; ginealaċ naċ díriġionn a ccroiḋe go ceart, agus naċ ḃfuil a spiorad fírinneaċ do Ḋía.


Agus a duḃradur clann Israel ríu, Do bfear linn go ḃfaġmáois bás re láiṁ an TIĠEARNA a gcríċ na Hégipte, a nuáir do ṡuiġeamar láiṁ ré potuiġiḃ na féola, agus a nuair do iṫmís arán ar saiṫ: óir tug siḃsi amaċ sinn san ḃfásaċ so, do ṁarḃaḋ na coiṁṫionalasa uile lé hocrus.


Uime sin do laḃradar an pobal ré Maóise go géur, agus a duḃradar. Taḃair ḋuinn uisge go niḃimís. Agus a duḃairt Máoise ríu, Cred fá ccáintí misi? Créad as a ccurṫáoi caṫuġaḋ ar an DTIĠEARNA?


Agus a nuáir do ċonnairc an pobal gur ḟaddáil Maóise teaċd núas ón tslíaḃ, do ċruinniġeadar an pobal íad féin go Haáron, agus a duḃradar ris, Eiriġ súas, déana ḋúinn dée, raċus roṁuinn; oír an Maóise so, an té ṫug as críċ na Hégipte sinn, ní feas dúinn créad do imṫiġ air.


A ccionn ṡeaċt mblíaḋan léigeaḋ gaċ áon aguiḃ a ḋearḃraṫair Eaḃruiḋe dimṫeaċt, noċ do reacaḋ riḃ; agus a nuáir ḟoiġeonus sé ḋuit sé blíaḋna, léigfiḋ tú ḋó imṫeaċd sáor uáit: aċt níor éistiodar ḃur naiṫre liom, ní mó ċláonadar a cclúas.


Agus a duḃairt sé riom, A ṁic an duine, cuirim ṫú go cloinn Israel, go cineaḋ easuṁal do ċuáiḋ a neasáonta am aġaiḋsi: do ċiontuiġeadar féin agus a naiṫre am aġaiḋ, gus an ló a niuġ.


¶ Aċd ar na ṁáraċ do rineadar coṁċruinniuġaḋ ċloinne Israel uile iṫiomráḋ a naġaiḋ Ṁáoise agus Aáron, ga ráḋ, Do ṁarḃaḃair muinntir an TIĠEARNA.


Do ḃáḃair ceannairceaċ a naġuíḋ an TIĠEARNA ón ló fár aiṫnid ḋaṁsa siḃ.


Agus do rinneadar clann Israel a rís olc a ḃfiaḋnuisi an TIĠEARNA; agus ṫug an TIĠEARNA a láiṁ na Ḃṗilistíneaċ íad ceaṫraċad blíaġan.


¶ Agus do ḃí fearg an TIĠEARNA teiṫ a naġaiḋ Israel; agus a duḃairt sé, Do ċionn gur ṡáruiġeadar an ṁuínntirse mo ċunnraḋ noċ do aiṫin mé dá naiṫriḃ, agus nár éisdeadar rein ġlór;


Agus do rinneadar clann Israel a rís olc a raḋarc an TIĠEARNA, a núair do éug Ehud.


Agus do rinneadar clann Israel olc a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA: agus ṫug an TIĠEARNA íad a láiṁ Ṁídian ar feaḋ ṡeaċd mblíaḋan.


Agus a dúḃairt an TIĠEARNA re Samuel, Eist re glór na ndaoineaḋ ann gaċ uile ní dá nabraid riot: óir ni tusa do ṫarcuisniġeadar, aċd do ṫarcuisniġeadar misi, go naċ béinn mo ríġ ós a gcionn.


Anois ar a naḋḃarsin éist re na nglór: giḋeaḋ taisbéin ḋóiḃ go dúṫraċdaċ, agus foillsiġ ḋóiḃ saṁuil an ríġ riaġloċus os a ccionn.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ