Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




I Samuel 8:7 - An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Agus a dúḃairt an TIĠEARNA re Samuel, Eist re glór na ndaoineaḋ ann gaċ uile ní dá nabraid riot: óir ni tusa do ṫarcuisniġeadar, aċd do ṫarcuisniġeadar misi, go naċ béinn mo ríġ ós a gcionn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




I Samuel 8:7
22 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus a duḃairt Maóise, Bíaiḋ an ní marso, a nuáir do ḃeura an TIĠEARNA ḋiḃ tráṫnóna féóil re iṫe, agus ar maidin arán ḃur sáiṫ; do ċionn go gcluin an TIĠEARNA ḃur munḃar noċ do niṫí do ṁunḃar na aġuiḋ: óir cioḋ sinne? ní ar naġuiḋne atáid ḃur munḃar, aċd a naġuiḋ an TIĠEARNA.


Toíġfiodsa mar an ccéadna a ttríollasan, agus do ḃéara mé a neagla orra; do ḃríġ nar ḟreagair áon, a nuáir do ġoir mé; a nuáir do laḃair mé, ní ċúaladar: aċd do rinneadar olc ós coinne mo ṡúl, agus do ṫoġadar an ní ann nar ḋúiliġ mé.


A ccionn ṡeaċt mblíaḋan léigeaḋ gaċ áon aguiḃ a ḋearḃraṫair Eaḃruiḋe dimṫeaċt, noċ do reacaḋ riḃ; agus a nuáir ḟoiġeonus sé ḋuit sé blíaḋna, léigfiḋ tú ḋó imṫeaċd sáor uáit: aċt níor éistiodar ḃur naiṫre liom, ní mó ċláonadar a cclúas.


Agus a duḃairt sé riom, A ṁic an duine, cuirim ṫú go cloinn Israel, go cineaḋ easuṁal do ċuáiḋ a neasáonta am aġaiḋsi: do ċiontuiġeadar féin agus a naiṫre am aġaiḋ, gus an ló a niuġ.


Aċt ní éistfiḋ tiġ Israel riot; óir ní éistfiḋ síad riomsa: óir atá tiġ Israel uile míonáireaċ agus crúaḋċroiḋeaċ.


Agus ṫáinic Día go Bálaam sa noiḋċe, agus a duḃairt ris, Má ṫigid na dáoine dod ġairm, éirgiḋ súas, agus imṫiġ leó; giḋeaḋ an focál a déara misi riot, go maḋ é sin ḋéanas tú.


An té ġaḃas siḃse ċuige gaḃaiḋ sé misi, agus gioḋ bé ġaḃas misi gaḃuiḋ sé an té do ċuir bé ġaḃas misi gaḃuiḋ sé an té do ċuir úaḋ mé.


Giḃ bé éisdeas riḃsi is riomso éisdeas sé; agus giḃ bé ḃeir neiṁċion oruiḃsi, is oramsa do ḃeir sé neiṁċion; agus giḃ bé ḃeir neiṁċion oramsa is ar an té do ċuir úaḋ mé do ḃeir sé neiṁċion.


Aċd do ḃí fúaṫ ag luċd a ċaiṫreaċ ḋó, agus do ċuireadar teaċdaireaċd na ḋiáiġ, ag ráḋ, Ní hail linn é so do ríoġaḋ oruinn.


Taḃruiḋ liḃ ann so, na naiṁde úd agamsa, le nar ḃáill misi do rioġaġ ós a gceann, agus marḃaiḋ am fiaḋnuisi iad.


Go deiṁin, deiṁin, a deirim riḃ, Ní mó an tóglaċ na a ṁaiġisdir; agus ní mó an teaċdaire na an té do ċuir úaḋ é.


Agus a duḃairt Gideon ríu, Ní ríaġloċuiḋ misi ós ḃur gcionn, ní mó riaġloċus mo ṁac ós ḃur gcionn: sé an TIĠEARNA ríaġloċus ós ḃur ccionn.


Agus do ḋíultaḃairsi a niuġ dá ḃur Ndía, noċ gur bé féin do ṡáor siḃ ó ḃur nuile aindeisi agus ó ḃur mbuaiḋreaḋ; agus a duḃraḃair ris, Ní heaḋ, aċd cuir ríġ ós ar gcionn. Anois ar a naḋḃar sin taisbeanuiġ siḃ féin a laṫair an TIĠEARNA do réir ḃur ttreaḃ, agus do réir ḃur mílteaḋ.


Agus a duḃairt Samuel re Hisrael uile, Féuċaiḋ, déist mé ré ḃur nglór ann gaċ uile ní dá nduḃraḃair riom, agus do rinne mé ríġ ós ḃur ccionn.


Agus a nuáir do ċonncaḃair go ttáinic Nahas ríġ ċloinne Ammon ḃur naġaiḋ, a duḃraḃair riomsa, Ni heaḋ; aċd biáiḋ ríġ ós ar gcionn: a nuáir gur ḃé ḃur TTIĠEARNA Día fá ríġ ḋíḃ.


Agus a duḃairt an TIĠEARNA re Samuel, Eist re na nglor, agus déana ríġ ḋóiḃ. Agus a duḃairt Samuel ré fearuiḃ Israel, Eirġeaḋ gaċ áon aguiḃ ḋá ċaṫruiġ féin.


Do réir a nuile oibreaċ dá ndéarnadar ón ló fá ttug misi súas as an Négípt íad gus an lá a niuġ, ler ṫréigeadar misi, agus le ndéarnadar seirḃís do ḋeeiḃ oile, is mar sin fós do níd riotsa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ