¶ Ann sin a duḃradar muinntir Israel ré Gidéon, Riaġluiḋsi ós ar ccionne, araon ṫú féin, agus do ṁac, agus mac do ṁic mar an gcéadna: óir do ṡáor tú sinn ó láiṁ Ṁídian.
Agus do ḋíultaḃairsi a niuġ dá ḃur Ndía, noċ gur bé féin do ṡáor siḃ ó ḃur nuile aindeisi agus ó ḃur mbuaiḋreaḋ; agus a duḃraḃair ris, Ní heaḋ, aċd cuir ríġ ós ar gcionn. Anois ar a naḋḃar sin taisbeanuiġ siḃ féin a laṫair an TIĠEARNA do réir ḃur ttreaḃ, agus do réir ḃur mílteaḋ.
Naċ é fóġṁar na cruiṫneaċda a niuġ? guiḋfiḋ misi an TIĠEARNA, agus cuirfiḋ sé tóirneaċ agus fearṫuinn; ċor go ttuigfiḋe agus go ḃfáicṫi gur mór ḃur gcionta, noċ do rinneaḃair a laṫair an TIĠEARNA, a níarruiḋ ríġ ḋíḃ féin.
Agus anois, féaċaiḋ, atá an ríġ ag siuḃal roṁuiḃ: agus atáimsi sean agus ceinnlíaṫ; agus, féaċuiḋ, atáid mo ṁic aguiḃ: agus do ṡiuḃail mé roṁuiḃsi óm naóiḋeantaċd gus a niuġ.
Agus ar son hassal do ċuaiḋ a muġa trí lá ó ṡin, ná cuir do ṁeanma orra; óir do fríṫ íad. Agus cía ar a ḃfuil uile ḟonn Israel? naċ ortsa atá, agus ar ṫiġ haṫar uile?