Mar sin ṫangadar sinnsir Israel uile gus an ríġ go Hébron; agus do rinne Dáiḃi ríġ ceangal ríu ann Hébron a ḃfiaġnuisi an TIĠEARNA: agus do ungadar Dáiḃi na ríġ ós cionn Israel.
Agus a duḃairt sé ré Maóise, Tárr súás ċum an TIĠEARNA, ṫu féin, agus Aáron, Nadab agus Abihú, agus seaċdṁoḋad do ṡinnsearuiḃ Israel; agus aḋruiḋsi a ḃfad amaċ.
Eiriġ, agus cruinniġ sinnsir Israel a ḃfoċair a ċeile, agus abair ríu: Do ḟoillsiġ an TIĠEARNA, Día ḃur naiṫreaḋ, Día Abraham, Día Isaac, agus Día Iacob, é fein daṁsa ag ráḋ, Ṫáinic mé go deiṁin dá ḃur ḃfiosrúġaḋ, agus do ċonnairc mé, an ní do rinneaḋ riḃ sa Négipt.
¶ Agus do éirġeadar súas ar maidin go moċ, agus do aḋradar a laṫair an TIĠEARNA, agus do ḟilleadar, agus tangadar ḋá ttiġ go Rámah: agus do ḃí Elcanah ag a ṁnaoi Hannah; agus do ċuiṁniġ an TIĠEARNA uirre.
Agus a duḃradar sinnsir Iabes ris, Taḃair ḋúinn cáirde ṡeaċd lá, go gcuirmis teaċda ann gaċ uile ċósta Dísrael: agus ann sin, muna ḃfaġam aonduine ṫárrṫoċus sinn, tiucfam amaċ ċugadsa.