Oir a náit ar ċuir maṫair cuing ṫrom oruiḃ, cuirfe misi tuilleaṁ a ccionn ḃur gcuinge; do smaċtuiġ maṫair siḃ le sciúrsaḋuiḃ, aċt smaiċteóċuiḋ misi siḃ le sgiúrsaḋuiḃ déalgaṁla.
Agus raċaiḋ gaċ áon ṫríd, ar na ccur ċuige go crúaḋċúiseaċ agus ocraċ: agus tiucfuiḋ a ccríċ, a nuáir ḃías gaċ áon aca ocraċ, feargaċuid féin, agus mailleoċuid a ríġ, agus a Ndia, agus féuċfuid súas.
Uimesin do ḋéana misi mar an cceadna ann mfeirg: ní ċoigeola mo ṡúil, ní mó ḃías truáiġe agum: agus bíoḋ go néiġfid am ċlúasaiḃ lé guṫ árd, ṫairis sin ní ċluinfiḋ mé íad.
Annsin éiġfid síad ċum an TIĠEARNA, aċt ní éistfiḋ sé ríu: eaḋon foileoċuiḋ sé a aġaiḋ úaṫa san namsin, mar do iomċradar íad féin go holc iona ngníoṁuiḃ.
O a nuáir fá néireóċaiḋ fear an tiġe, agus fá a ndúnfa sé a ḋóras, agus ṫionnsganuiḋ siḃsi seasaṁ a muiċ, agus an doras do ḃuálaḋ, ag ráḋ, A Ṫiġearna, A Ṫiġearna, osguil dúinne; agus ar ḃfreagra ḋósan a déara sé riḃ, Ní ḃfuil a ḟios agam cía bas dáoiḃ: