Do rinne haṫair ar ccuing docraċ: anois air a naḋḃarsin déanasa serḃís dócaṁlaċ haṫar, agus a ċuing ṫrom noċ do ċuir sé orruinne, nios éattruime, agus do ḋeánam serḃís duit.
Agus tug Abraham deaċṁuiġ na nuile neiṫeann dó; noċ dá ngoirṫear ar tús ar na eidirṁíniuġaḋ Rí na fíréuntaċda, agus na ḋiáiġ sin mar an gcéudna, Rí Ṡálem, eaḋon, Rí na sioṫċána;
Agus do ṡeas sé, agus dfúagair ar ṡlúaġaiḃ Israel, agus a duḃairt ríu, Cred fá ttangaḃair amaċ do ċur ḃur gcaṫa na ṡuiḋe? naċ Ṗilistíneaċ misi, agus naċ searḃḟoġantuiġe do Ṡaul siḃsi? toġaiḋsi duine ḋaóiḃ féin, agus tigeaḋ se a núas ċumgamsa.
Agus tóigfe sé ḃur searḃḟoġantuiġe fear, agus ḃur searḃḟoġantuiġe ban, agus na hógánuiġ is féarr aguiḃ, agus ḃur nassail, agus cuirfe sé ċum a oibre íad.